78
AN GAODHAL.
Is deas an rud saoirse, — ní'l aon nídh cho díl, —
Is maith an rud talamh gan cáin, no gan cíos. —
Is olc iad na tighearnaidhe — aon mhaith ionnta ní'l,
A's budh chóir iad a bheith sáidhte 'san bh-fairge síos.
Acht do b' fheárr liomsa daoirse ar n-oileáin go deo —
A's do b' fheárr liom ár d-talamh do bheith mar atá ;—
O! do b' fheárr liom na tíghearnaidhe a choidhche bheith beo,
Ná teanga na hÉireann bheith marbh go bráth.
"PÁDRAIC."
Oh Freedom is lovely — there's nothing so grand,
And farms are good free from taxes and rent;
And viperous land-lords are pests in the land,
And should, ’neath the sea, to perdition be sent.
But I'd rather Ireland should tug at her chain,
I'd rather land-tenure should be as before,
That land-lords her substance continue to drain,
Than that her old tongue should be lost evermore.
"PATRICK."
TEANGA BHLASDA NA m-BÁRD.
Le Pádraic O'Dúcair, Gortglas, N. Gh.
'Nois árdaidh an gleo tá bh-fad fá cheo,
An teanga bhilis, bhreágh,
Tá creapuidh siar le dhá cheud bliadhain
As úsáid, gan aon fáth;
Tá 'n lá a teacht, 's an an solus leis,
'Nna n-deunfamuid i trácht',
Nuair a chaintfeamuid le chéile 'rís
A d-teangain bhlasda na mbárd.
Le ceudtha bliadhan d'a sciúrsáil síos,
Faoi dhlíghthibh iarainn Sheághain,
D'a múchadh síos faoi dhí-mheas,
D'a seunadh 's d'a cáin';
Ach go cinnte tá sí 'g éirighe 'rís
Mar Fenix teacht a láthair.
Agus labharfamuid le chéile 'rís
A d-teangain bhlasda na m-bárd,
A Chlann-na-Gael ná bí gan chéill,
'Sná lig bhur d-teanga síos,
'Sí 'n teanga 'mhúin ar g-créideamh dhúinn,
Sean teanga ar sinsear naomh' ;
Ná lig faoi lár, tá gníomhartha ann
Le n-ar saoirse airís go bráth,
Nuair a chaintfeamuid le chéile 'rís
A d-teangain bhlasda na m bárd.
'S beannacht Dé le Seághan Mac Éil,
Tá sínte 'nois faoi 'n bhfód,
Dá m-beidheadh sé 'nn ar measg i n-diu,
Is árd a bheidheadh a ghlór;
Chuirfeadh sé a ghuala leis an roth,
'Gus thóigfeadh é go h-árd,
'Sas grást'mhuil bhéarfadh teagasg dúinn
A d-teangain bhlasda na m-bárd.
Ach tá gaisgidhe treun, le congnamh Dé.
A bh-fuil a croidhe' ann fós,
Nach d-tig le cúmhacht Shasanaigh
Nó aon námhaid é chur síos;
A cháirde ná bidheadh brón orraibh,
Tá 'n spioraid 'g éirighe árd,
Agus caintfeamuid le chéile 'rís
A d-teangain blasda na m-bárd.
'Sa oileáin ghlais feuch air do chlann,
Atá scaptha nonn faoi 'n spéir,
Tabhair cuireadh dóibh a theacht air ais,
'Na d-teangain mháthardha féin;
Béidh cion a' cliú a's carthannas,
Is fáilte, míle grádh,
Nuair a chaintfeamuid le chéile 'rís
A d-teangain bhlasda na m-bárd.
Mr. Dougher states that the foregoing is his first
effort at Gaelic poetry. It frequently happens that
first attempts are seldom surpassed. If brother
D. improves on the above he beats “Padraic."
Mr. D. says THE GAEL was his only text-book.
