80
AN GAODHAL.
Chum Eagarthóir an Ghaodhail. — A Shaoi Thíorghrádhaigh :— Cuirim chugat
ceann eile de na rannta so tógtha ó'n sean láimh-sgríbhin reamhráidhte,
mar leanas, aithsgríobhtha agus mínighthe cho maith is thig liom.
Do chara,
Tomás D. de Norradh.
Seághan ó Nualláin cct. a m-bladhain 1800.
Cois Laoi na sreabh go h-uaigneach, a réir le h-ais an chuain dam,
Gan aon air bith am buaradh achd fuam-ghuth na trágha,
Le'm thaobh do dhearcas stuaire na suidhe go seasguir suas liom,
A píob mar eala a gluaiseacht air chúrach aise a snámh.
Budh chíordubh crathach, cuachach a dluíghfholt dathach dualach,
Síos le hais a guaillibh air luasga go sáil,
A bruighthe deasa fuaidhthe go caoin air atha an t-suaimhnis,
A rinn roisg ghlasa bhuair mé mar dhrúcht gheal an mághaigh.
Do bhí an caor tré shneachta air uainibh a coimheasgas suilt na gruanaibh,
Go líonmhar, lasmhar, luaimneach 'nna suairc-leacain bhláith,
A dá chíoch chruinne cruadha air a caoimh chneas cailce uasal,
Do chlaoídheadh gan aiseag sluaighte le mór ghean d'a grádh.
A caoin chrobh cailce is suairce do sgríobhas air bhrataibh uaisle,
Crainn a's ceartha a's mórthrúip a gluaiseacht chum lámhuigh,
An chobhlac a's an cualacht a tíocht na g-cathaibh cruadha,
Faoilinn sgaptha air chuantaibh ag uaill ghuil chois trágha.
Air theacht le'm ais do'n stauire na g-craobhfholt g-casda g-cuachach,
Do shuígheas go seasguir, suaimhneach air bhruachaibh na trágha,
Go n-ínnseadh sí go suairc dam, cá tír, cá treabh, cá tuaith dhi,
Nó an í fá n-deara an buaireamh so air fuaid Innis Fáil.
"An tú Cloídhna ó'n g-carruig n-gruaidhgheal nó Aoibhil ceart na d-truitheall
Nó Aoisa eala 'n t-suanruisg bhí aig Duach dalta deágha,
Nó Aoife d'athruigh snuadh a's cruth, chuir draoidheachd mar cheapaid ugdair,
Air chlann Lir, seal gan fuasailt air chuantaibh a snámh.
An fíor gur túsa an t-suairc-bhean lé'r claoídheadh a n-Éamhuin sluaighte,
A d-tigh na Craoibhe Ruaidhe le mór chuiste namhaid',
Nó Niamh na g-cathach g-cuach g-cas, do shliob tar lear ó 'n n-Gruagach,
Is d'a druim gur cailleadh mór thrúip gan fuasgailt 'san ár.
An tú príómh na m-ban budh stuama, do shaortaigh Mars mar nuachar,
Air druim na mara ruadha, mar luaidhtear le dáimh,
Nó an ríogh, do tharraing buaireadh na Traoi air fad 'sa cuallacht,
Nó 'n tí thug garbh ruathar a g-cuan Fine trágha?"
Is caoin do labhair stuaire na mínchnis cailce stuama,
"Ní aon de'n aicme luaidhis mé cídh suairc leat a g-cáil,
Achd Ríoghan cneasta, ghluais mé, ó 'n d-taoibh a n-deas le tuairisg,
Go m-beidh sgéimle air Ghallaibh sluaidhte 'gus ruagairt thar bárr.
Tá 'n flít a teacht ó chuan Bhrest go líonmhar lannach luamneach,
So g crainn fá bhrataibh uaithne go buadhach na m-bárr,
Tá a d-taoiseach, Mars, go h-uaibhreach sa chloidheamh na ghlaic air luaithchrith,
D'a mhuidheamh gur gairrid fuasgailt 'nois d' uaislibh Innis Fáil.
