(20)
8Mhadh Rol. Uimh. 8.
BEALTAINE,
1891.
Mac Righ Caisleán Buidhe Shamhnuigh, ⁊
Bainríoghan Tobar Deire 'n Domhain.
(Leanta ó 'n 5mhadh uibhir)
"Ní bheidh sé aige," arsa Neart "marbh-
óchaidh muid é."
"Ní dheunfamuid sin," arsa Art, "ach
cuirfimid dall air meisge é, ⁊ bainfi-
mid an buidéal uisge dhe, agus innseoch-
aimid do m' athair gur sinn féin do
chuaidh go Tobar Deireadh an Domhain ⁊
creidfidh sé sinn roimh Cheart, mar tá
tuairim aige nach bhfuil ann ach leath a-
madán."
An sin dubhairt siad le Ceart, "Ó
thárla go d-tainiceamar go uile abhaile
slán beidh deoch againn i onóir na h-óc-
áide."
Ghlaoidh siad cárt biotáile, agus do
chuir iach air Cheart an chuid budh mhó dhe
ól. Ní rabh sé bh-fad ólta aige gur thuit
sé dall air meisge. In sin bhaineadar
an buidéal uisge agus a chuid airgid dhe
agus chuaidh abhaile. Thugadar an buid-
éal uisge d'a n-athair, agus d' innis dhó
go rabhadar aig Tobar Deire an Domh-
ain, agus go n-deachadhar thré bhaoghail
mhóra a troid fathach agus daoineadh
fiadháin. Chuir an Righ braon as an m-
buidéal air a chois tinn, ⁊ faoi cheann
móimeint bhí sé cho maith a's bhí sé 'riamh.
"A bh-facaidh sibh Ceart in áit air
bith"? ars an Righ.
"Ní dheachaidh sé níos fuide ná an
teach ósda a tá aig na cros-bhóirthe ó
d'fhág sé thú agus tá sé ann sin anois
dall air meisge, agus gan pighinn aige,"
ars iad-san. "Ní rabh ann ariamh acht
amadán," ars an Righ, "ach ní thig linn é
fhágbháil ann sin a cur náire orrainn."
Ann sin chuir sé seisear fear go d-
ti an teach ósda agus d' iomcharadar
Ceart abhaile. Nuair a thainic sé chuige
fhéin thug an Righ maslughadh mór dhó ag-
us ní chluinfeadh sé focal uaidhe, ach righ-
