neadh searbhfhoghanta dhe, ag deunadh gach
uile obair shalach timchioll an chaisleáin.
Fágfamuid ann sin é & rachfamuid
chuig Banríoghan Tobar Deireadh an Do¬
mhain.
Nuair a bhí an lá 's an bhliadhain bhí sí
le bheith na codladh caithte, músgail sí
féin agus na mná cóimhdeacha, & fuair
gach aon aca mac óg le n-a taobh. Bhí
fearg mhór air an m-Bainríghin; chuir sé
fios air an leomhan & air an ullphéist,
agus dubhairt leo, "Tá mé sgriosta, a¬
gus mé fhéin agus mo mhná cóimhdeacha
millte, ars an Bhainríoghan; bhí fear in
seo cho fad as bhídhmar 'nar g-codladh,
agus tá a lorg na dhiaigh; tá mac óg a¬
gam-sa agus aig gach h-uile bhean de mo
mhnáibh chóimhdeacha, agus do ghoid sé mo
chloidheamh, mo bhuidéal, agus mo bhuilín."
"D'fhág muidne an t-iolar ag cúmhdach
an oileáin sul do chuadhamar a chodladh,
ars iad-san. "Tá an t-iolar marbh," ar
san Bhainríoghan, "nó ní thiocfadh aondui¬
ne in seo gan fios dó, agus bhéarfadh
sé fuagradh dhúinn; ach gheobhfaidh mise
amach an fear a bhí ann so"
In sin d'orduidh sí a cóisde-draoidh¬
eachda agus an leomhan agus an ullphéist
a chur faoi. Bhidh'dar ag imtheacht go d-
tainiceadar cho fada leis an teach a bh-
fuair an Mac-righ lóisdín an cheud oidh¬
che ann. Bhí iongantas, agus faitchíos
mór air na daoinibh nuair a chonncadar
an cóisde mór a teacht le leomhan agus
ullphéist faoi. D'fhiafruidh an Bhainríogh¬
an díobh a rabh aon strainséaruighe ann
sin go déighionach, & má d'fhág sé éinnidh
'n-a dhiaigh. Dúbhradar go rabh, fear óg,
agus gur fhág sé cloidheamh an t-soluis
aca. "Is liom-sa an chloidheamh," arsan
Bhainríoghan, "agus mar d-tugaidh sibh
dham é gan mhoill, marbhóchaidh mé sibh go
h-uile."
Thugadar an chloidheamh dhi, agus bhí sí
ag imtheacht go d-tainic sí go d-ti an
teach a bh-fuair an Mac-righ lóisdín an
dára h-oidhche. Bhí iongantas agus fait¬
chíos air na daoinibh nuair i chonnarca¬
dar an leomhan agus an ullphéist. D'
fhiafraidh an Bhainríoghan díobh rabh aon
strainséaruidhe an sin go déighionach, &
má d'fhág sé éinnidh 'n-a dhiaigh. Dúbhra-
dar go rabh, agus gur fhág sé buidéal
uisge aca "Is liom-sa an buidéal sin,"
ars an Bhainríoghan, "agus muna d-tug¬
aidh sibh dham é go tapaidh cuirfidh mé 'n
teach bun-os-cionn agus marbhóchaidh mé
gach h-uile cheann aguibh."
Thugadar an buidéal dhi, agus d'im¬
thigh leithe go d-tainic sí cho fada leis
an teach ar bh-fuair an Macrigh an lóis¬
dín an treas oidhche. Chuir sí an cheist
cheudna air na daoinibh a chuir sí air
dhaoinibh na d-tigheadh eile. Dúbhradar
go rabh, & gur fhág sé builín aráin aca,
agus go bh-fuighfidís bás leis an ucras
meireach é. "Is liom-sa an builín sin,"
ars an Bhainríoghan, agus mar d-tugaidh
sibh dham é air an b-puinte marbhóchaidh
mé a lig sibh."
Thugadar an builín dhi, agus as go
brách leithe go d-tainic sí go Caisleán
Buidhe Shamhnaigh; tharruing sí an cuaill¬
e-corraic; agus thainic an Righ amach, &
chrith sé le faitchíos nuair i chonnairc sé
an leoghan agus an ullphéist faoi 'n g-
cóiste. "Bh-fuil aon mhach agad?" ars
an Bhainríoghan, "má tá tabhair amach é
go m-béidh amharc agam air, no ní fhág¬
faidh mé cloch air chloch no cleath no caol¬
ach in do chaisleán."
Chuir an Righ Art amach chuici, agus
d'fhiafruigh sí dhe,
"An rabh tú aig Tobar Deireadh an,
Domhain?"
"Bhídheas," arsa Art.
"Beidh fhios agam gan mhoill, agus má
táir ag innseacht bhréige béidh sé níos
measa dhuit," ars an Bhainríoghan.
Ann sin tharruing sídhá ribe gruaige
as a ceann agus chaith sí i n-aghaidh an
bhalla iad, agus d'iompuigheadar 'nna
n-dréimire a chuaidh suas go bárr an
chaisleáin.
(Le bheith críochnuighthe 'san Gaodhal seo
chugainn.)
The Catholic Sentinel sneeringly remarks that
Wm. O’Brien is studying Irish in jail. Ah, Bro¬
ther McGarry, yes, in adversity ; in prosperity, he
boycotted it, and sneered at it, too!
We hope Gaels will pay up ; the monetary con¬
sideration is not so much as the encouragement,
which promptness is sure to inspire.
