AN GAODHAL.
93
AN BRIANACH ÓG.
The following verses were written in Philadelphia from the recita¬
tion of Mrs. Kelly, a native of Kenmare, Co. Kerry. — J. J. Lyons
Fear
Maidin ghréine 's mé dul air aonach
A ceannach bébher den bh-faisean nuadh,
Do chonnairc mé mo cheud-searc 'gus í 'na h-aonar
Do labhair sí Beurla a's is dith a budh eol;
Sé 'r dubhairt a' spéir-bhean "suidh síos taobh liom,
Súd í an daor-phuins 's beidhmid d'a h-ól,
'S go deimhin má 's féidir a' coll a réidhteach
Beidhid mar chéile aig a' m-Brianach óg."
Fear
'S maidin dhrúchta d' éis mo chúrsa
'S mé i d-taibhreana an Bhrúnaigh i ruma aig ól,
Do chonnairc-se chugam í an spéir-bhean mhúinte,
'S í teacht go dubhrachtach le trunca dhen ór;
Sé 'r dubhairt sí liom-sa "go bráth na diúltaigh
Acht tarr-sa liom-sa go Corcaigh mhór,
Go rabhmhar i súgradh 's seal faoi an súise
'S go m-buaidhtear súd leis a m-Brianach óg."
Cailín
'S eireoghad a márach 's rachfad dhen m-Blárnaigh
A ceannach lárach do mo mhíle stór,
Beidh díoluid árd faoi 'gus fuip naoi bh-fáinnidhe
Agus srian i gach láimh leis faoi lubaibh óir;
Beidh tighearnaidhe Sheasana 's tigh'rnaidhe Bhanabain
'S caiptín Ceanachair 's a long faoi sheol,
'S na bráithre beannuighthe do leighfeadh a' t-aifrionn
A's is sé sin seanachas mo Bhrianaigh óigh.
an spéir-bhean
bidheam.
tabhaine
Féach Irish Jacobite Poetry
2nd Edition. p 117.
PÓS, A BHUACHAILL.
Written from the dictation of Mr. William Burke, a native of
the parish of Kilvine, Co. Mayo,
— J. J. LYONS.
Pós, a bhuachaill, sul ma d-tigidh an aois ort
No ní bheidh do chlann agad no fear do chaointe;
Tigeann a' buaidhre fá dhó anns a' n-oidhche
A's ní fhásann a' duilleabhar air a' gcrann a chríonas.
Nach fada i n-diu 's nach fada a márach ?
'S nach fada 'n mhí ní áirighim ráithe;
An bhliadhain mhór, fhada úd a chaith mé i ngrádh leat
'Gus, a chumainnín a' t-síoda, mo chúig ceud slán leat.
Thug mé grádh duit 's mé beag buidhideach,
'S chuir mé bárr air 's mé mór, críonna;
Ní shé sin a' grádh a mharbhuigh no a chlaoidh mé
Ach mar thug mé grádh duit gan fios mo ghaoil leat.
Thug mé grádh do ghiolla na ruaidhe,
Giolla na finne a d'fhág m' inntinn buadhartha;
Dá m-beidheadh mo shúil andiu ná a márach leat
Ach, a chumainnín dhílis, mo mhíle slán leat.
Gabhfaid mé fhéin go Tobar Bhrighide,
Nó air cuairt aig a' g-cuaichín tá i mbárr na craoibhe;
Ní 'l mo ghrádh uaim acht tuairim 's míle
'S gabhfaidh mé air cuairt aige fá dhó 'san oidhche.
Féach Siamsa an Geimhridh. l. 49
