﻿96
AN GAODHAL.
The following, with a large number of other
beautiful poems, we have received from Mr. Con.
O'Brien, Hartford, Conn.
MOLTA CNOCÁIN na m-BIOLAIRIGHE
Tá baile beag láimh la Corchaigh
'Nn a bh-fuil cion is bádh mo chroidhe,
Da n-goirthear air le sgleiptheacht
Crocáinín aorach na m-biolairighe.
Is é Pádraig do bhronn an t-ainm
Mar deir na seanchuidhe,
'Nuair ruaig sé an t-athair-nimhe
Do bhí anns na biolairidhibh.
An lá nár thriall an naomh ann —
Fear bachaill órdha buidhe,
D'fhág a bheannacht air chlann chéimamhail
Cnocáinín naomhtha na m-biolairidhe.
Is follus fáth mo bhéarsaighe
Fuair Pádraig féil a ghuidh,
Oir ní luadhtar gearán air aoine
A g-cnocáinín seunmhar na m-biolairighe
Air margadh no air aonach
Bhreathnóchadh an fear groidhe,
Ridire gaisgeamhuil, gleusta,
Feirmeóir aorach na m-biolairighe.
'San m-báire, no air mhachaire,
No a m-beárna baoghail d'a thír
Is é an tuis-fhear is an taoiseach
Óg-laoch treidhtheach na m-biolairidhe.
Labhair go grádhmhar réidh leis,
Ná luaig easbhadh le'n t-saoi,
No is baoghalach briste glaosga
O óglaoch na m-biolairighe.
Labhair go sulthmhar séimh leis —
Ná bíoch aon bhreug 'san t-sligh
Is béidh fear treasamhuil le taobh leat
Treun fhear treidhtheach na m-biolairighe.
Ní dearmad na h-ainir phéarlach
Módhamhuil, maorgach, mín,
Amhuil Bheanus no mar Dheirdre,
Stuaire caol-chom na m-biolairidhe.
Ní'l cor no cleas no claon-bheart
No smuaineamh feall 'na croidhe —
Is díreach, dílis, dearcach
Cailín shéimh-chneas na m-biolairighe.
An deoraidhe tuirseach, treigh-lag,
Fann a n-geug ó'n t-slighe,
Cuirfear fáilte Gaodhalach ribhis
A g-cnocáinín feis'mhuil na m-biolairighe
Béidh an tine ag bagairt feasda
Sgeulta fian is sgeulta sighe —
Ach! is aibigh iad 'san Gaodhailge
A g-cnocáinín léigheanta na m-biolairighe
Gé go bh-fuilim a g-cathair neuta
Tagann duairceas mór am' chroidhe,
'Nuair smaoinim air na laethibh
Chaithios féin 'san m-biolairighe.
As phoball treasamhuil treun mé,
Ársa treidhtheach, gaisgeamhuil, groidhe;
Is iad O 'gus Mac mo ghaolta
A g-cnocáinín aorach na m biolairighe.
Failbhe Fionn.
[We hope the Os and the Macs, to whom the
writer naturally boasts he belongs, will not per¬
mit their ancient lineage to sink in obscurity. It
is on them particularly that “the battle calls.”
Hence, they should do all in their power not only
to preserve the evidence of their social pre-emin¬
ence but, also, to scatter it broadcast amongst the
people. The Extracts from the anti Irish Spauld¬
ing, which we hold as standing matter, contain
volumes — contain All that THE GAEL has labored
to establish — and these should have been thrown
broad cast by self-respecting Irishmen. And they
are no matter of mere sentiment either — they per¬
meate our business and material interests.
Eobhrach Nuadh,
Aibreán, 10mhadh, 1891.
Do Cheapadóir an Ghaodhail.
A Shaoi Dhíl
Na samplaigh clódh-bhuailte 'san n-
Gaodhal déighionach ó do chuid scoláirighe
gan amhrus is sé mo bharamhail go bh-fuil
siad uile déanta go maith; agus saoil¬
im, mar an g-ceudna, go m-budh chóir
duit bród mhór do bheith agad asda.
Feicim go bh-fuil siad ó bheagnach gach
uile pháirt de'n tír mhór so, agus tais¬
beánann sé go bh-fuil dúil mhór fás air
an nGaodhal.
Is brónach go deimhin cuimhnuaghadh nach
bh-fuil gach uile cheann do chlann bhocht dí¬
beartha na h-Éireann 'nan ar d-teanga
mhilis féin labhairt agus i sgríobh. Lé
congnamh Dé 's do chongnamh-sa, béidh an
chuid is mó aca fós 'nan é dheunadh. Le
beagán meisnigh agus foighide ní bhéidh sé
bh-fad nó gur féidir linn uile dul chum
chinn ainti go maith Níor sgríobh mé
líne ariamh 'san nGaodhailge go thimchioll
leith-bhliadhain ó shoin, agus anois tá luth¬
