fhios agam air gan mhoill; téigh suas go
bárr an dréimire sin," ars an Bhainrío¬
ghan.
Chuaidh Ceart suas agus anuas mar
chat.
"Anois tá mé cinnte gur thusa do bhí
aig Tobar Deireadh an Domhain, & gur
tú athair mo pháisde agus páisdidhe mo
mhná cóimhde."
"Is mé, go deimhin," arsa Ceart, "ach
tá súil agam go d-tiubharfaidh tú pár¬
dún dham."
"Beidh do phárdún agad má phósann
tú mé," ars an Bhainríoghan.
"Pósfad, agus fáilte," arsa Neart.
Ann sin d'innis Neart do'n Righ an
cleas do rinne na dearbhráithre air.
Beidh mo ríoghacht agad, agus aig do
chlann do dhiaigh, agus beidh Art & Neart
'nna searbhfhóghantaibh agad," ars an
Righ.
"Beidh ríoghacht níos feárr ioná iom¬
lán na h-Éireann aige," ars an Bhain¬
ríoghan, "nuair a rachfas sé go Tobar
Deireadh an Domhain."
Ann sin thug sí asteach san g-cóisde
é, agus d'imthigheadar go Tobar Deir¬
eadh an Domhain. Bhí fáilte mhór aig na
mnáibh cóimhde roimh Cheart. D'fhan sé
ann sin bliadhain 's fiche, go bh-fuair an
Bhainríóghan bás. Ann sin thug sé clann
na mná cóimhdeach abhaile go condae na
Gaillimhe, agus d' fhág saidhbhreas mór
aig gach ceann acu. Phósadar mná tíre
agus is uatha do thainic Dhá Threubh-dheug
Chondae na Gaillimhe.
Nuair a d'fhág sé iad uile socruighthe
go compoirteamhuil d'fhill sé air ais go
Tobar Deireadh 'n Domhain, agus d'fhan
ameasg cúirt a mhic go bh-fuair sé bás.
An Chríoch.
E. L. Blácach
THE BOURKE MONUMENT.
The Mayo Examiner states that the people of
Claremorris are about to erect a monument over the
grave of the lamented Canon Ulick J. Bourke, their
late saintly, learned P. P. This is a movement that
should not be confined to Claremorris. It is a move¬
ment which should extend to wherever an Irishman
has secured a foothold, for the V. Rev. Canon has
left a monument behind him which far transcends
any that can be built of stone or bronze — the living
Language of the Irish Nation!
ABHRÁN GRÁDHA.
(Leis an n-Gabhar Donn).
Atá mo chroidhe mar chroidhe mo stóir,
Ní'l againn acht aon smaointe 'n-diú
Is áil le m' anam fuaim a glóir
A tiúbhradh éisteacht chóir go lúth
Do chluasaibh duine bódhair.
'Nuair chuireas lámh a láimh mo ghrádh',
'Nuair a shiúbhlas le n-a taobh, is mór
Mo gháirdeachus; "liom féin go bráth
"Atáir mo mhúirnín áluinn, chóir,
"'S táir annsa liom gach lá."
Mar mhaidin bhreágh tar éis dubhoídhch';
Mar gháire grinn tar éis mórbhróin;
Mar shuaimhneas suairc tar éis garbh-
shlíghe;
Mar cheol na n-eun t'réis ullagóin
Atáir, a stóir, lem' chroidhe.
SEINNÉID
(Dom' mhac, ceithre míosa d'aois).
(Leis an n-Gabhar Donn.)
Fíorbheannacht Dé air d'anam-sa a n-diú,
'Seo í do mhaidin-glan gan smúit air
bith;
Atá iomháigh do Dhé 'nois air do chroidhe,
Ag soillsiughadh geal a d'shúilibh, & air do
chruth.
Mo mhac-sa! 'nois a m' ucht-sa fáisgthe
dlúth,
A! athas mór! mo mhach! béidh tú mo
rígh,
Riaghlóchaidh tú mo bheatha-sa a choídh,
A's deunfad fóghnamh dhuit-se, gidh mo
mhac-sa thú.
Ná tuiteadh ort an oídh', bí geal do lá,
Bí beannacht Dé, mar lóchrann mór an
lae,
Ag sgapadh air do cheann a soluis glé.
Bhí air do bheatha biseach buan, a's bláth,
A's bhí a críoch níos gile fós go mór
’Ná tá a tús; gan brón, gan crádh,
gan deor.
For whose use did the "First Gentleman" in
England carry the Counters ? Cumming ? Eh!
