98.
AN GAODHAL.
In addressing the following poem to his friend, Mr. J Deasy,
San Francisco, Mr. Sullivan has followed an ancient custom of the
Munster bards.
A Dhiaruid Ui Dheiseach a bhráthair mo chroídhe,
Ca bh-fuil do léighean agus d'intleacht ghroíghe;
Ná tabharfá-sa dhúinne aon chuntas gan ghó,
Air na fir do throid ar son Éireann fadó.
Nach cuimhin leat Conn Crithir a d-tuis chath Fionnt¬
[rágh
'Nuair chonnairc sé námhaid bu mhórmhór a chrádh;
Le tréineacht a ghéige thuit céadta de'n t-slóigh,
Gidh gur bhris sé naoi 'nuaire an t-sleagh bhí 'na dhóid.
Nach cuimhin leat Maolseachlain do chaith ins loch,
An Danair Tuirgésius go n-ólfach sé deoch;
Brian 'sa mhac Morógh le fir do chuaidh leó,
Do dhíbir na méirleigh as Éirinn go deó.
Nach cuimhin leat Mac-eochagain i gCaisleán Dúnbaoi
'Sa laochraidh 'na thimchioll go treunmhar 'na suidhe;
Bhí faoi cheann na feadhna céad, dá-fhichead aon 's dá,
Cidh gur thuit leo na ceudta neamhsaoghalta gach lá.
Bhiodar cúigdeug air fhichid le h-aon 'sa d-trealamh,
Gidh gur throid sé leo gach ordlach de'n talamh;
Acht thuiteadar a n-aoinfeacht ins n-éirleach néimh-bheó,
'Gus d-fhágadar a g-cuimhne 'gainn choidhche mar threó.
Do chosain an Sáiréalach cathair Luimnídhe,
'Gus ghárdáil mná óga go leor a geataidhe;
Do líonadar ionad na bh-fear ins ghleó,
'Gus tá cuntas cruinn air a ngníomharthaibh i g-clódh.
Nach cuimhin leat ua Domhnaill do leag an Carún,
Síos insan uaigh is sé do chuaidh le na rún;
Budh chruinn clisde fírinneach do chríochnuigh a ghnó,
Tá an Sacsanach claoidhte ní'l dídhean dó níos mó.
Nach cuimhin leat De Norradh do sheasaim mar fhear,
Is sé sin a threasgair a n-aonar go mear;
An bréiciochán asaile thainic thar sáil,
Ag ínnsint éitheigh air Ghaedhilge Inis Fáil.
An Ceangal.
Cuirfimis ar n-dóthchus a Rígh mhór na bh-feart,
'Gus claoidhfear gach méirleach na seasann le ceart;
An Té do shluig Pháró ins an bh-fairge dhearg,
Saorfadh Sé Éire 'sa haodhaireacht gan fearg.
Leatsa an-fhírinnech,
Amhlaoibh O'Súilleabháin.
