100
AN GAODHAL.
Tá an t-ádhbhar air láimh a saidhbhris
filidheachta, deaschainte, agus cheoil na
h-Éireann. Le fillidheacht do dheunadh
taithneamhach, tá fóghluim deaslabhradh
riachtanach. Cad é ann fáth nach bh-fágh¬
ann daitheascaidhe Mheachuir, dánracha
Duibhidhe agus Daibhis, agus go leor eile
áit ameasg ar mín-shúgaireachta? Tá
go ieor d' ar dhubhairt feileamhnach le
misneach do thabhairt le ceol na hÉir¬
eann a shaorthughadh, mar dubhairt Daibh¬
is, gur ionta tá tosaidhe mórthais na
h-Éireann.
Nach truaigh an sgeul go bh-fuil an
tóir agus an spéis tá aig muintir na
h-Éireann air cheol ó chiantaidhe, caist¬
idhe agus airighe go h-íosal le fuaim
deighionach na thallaidhe ceoil. Caithfidh
cosnadh agus síorúghadh na teanga Ghae¬
dhilge bheith na clár i n-urlár múineadh
na tíre; leis an t-slighe thiubharfadh tóir
air ar liteardha is amhlaidh d'fhaiseach
grádh agus spéis na sean teangan. Tá
scapadh eolais ar sgeul tíre na acara
riachtanach le spioraid na tíre chongbháil
beo. Budh féidir le múineadh thíre mar
sin comhnadh thabhairt le meas ionmholta
annsa tír leis an lucht tá nan meas a¬
gus breitheamhnas tabhairt air ceist air
bith bhaineas le ar náisiún. Ní'l nidh 'r
bith níos feárr leis an tír agus a cás
a chosaint agus & chongbháil socair air
bhun cothrom, na cruthughadh sluaigh láidir
fhóghluimte, a smuaineochadh & a bhreath¬
nóchadh gach ceist gan faitchíos. Is air
easbaidhcuille gon drong fóghluimte úd
bheith in Éirinn fáth cás na tire agus na
n-daoineadh bheith faoi scanradh. Ní'l
nidh ar bith faoi láthair gortúghadh cás
Éireann cho mór le easbaidh an bhreith¬
emhnais neimhthiodhlamuidhe so & braith
umláin na n-daoineadh imtheacht le deach¬
da dara láimhe air cheisteannaibh dlúth
ar gnó.
Mar sin féin caithfidh mé leigeann
leis an fhírinne sur deacair breithe do
dheunadh de gach uile fhear, acht is féidir
a n-uimhireacha do mheudúghadh sa riocht
a g-cruthóchadh locht smuaintúghadh bheith
na meall fuiláine meastach agus na m-
bannaidhe maithe le cás agus gnóthuidhe
na tíre chosaint agus a shábháil san am
tá teacht mar dual don náisiún. Má
thaithnigheann libh an stáid thabhairt thart
caithfidh sibh gach uile nidh dheunadh le fios
agus eolas a scapthadh faoi 'n tír. Air
riachtanais na spioraide staidéaraigh
so chongbháil sa tír, tá sompla faoi 'r
n-amharc le cúpla mí acht amháin go bh-
fuil go leor aithbhioradh an, tá fós luach
aithis go bh-fuil sa tír sluagh nach n-éist¬
feadh le deachdadh ó aon áit na daoine
taobh muich d'ar d-tír fhéin ann a bh-fuil
spioraid má bhídheann rúnach 'nois agus
arís dhúiseochadh suas nuair bheidís a
teastáil. Is annsa n-am tá teacht do
dhearcas sibh le aiteas siar air am leat¬
romach ceannfuirt na h-Éireann nuair
sheas an drong bhí fírinneach d'ar d-tír
suas guala le gualain le n-a chosaint.
Go fhir óga na h-Éireann go spesial¬
ta tá mé díriughadh mo bhriathra le cur
faoi dearadh díobh gur b'iad lucht aisd¬
riughadh náisiúntacht & gárdaidhe beatha
na h-Éireann san am a tá teacht, agus
ag iarraidh ortha dhul air a n-aghaidh san
m-bealach sin, cuimhniughadh i g-cómhnuidhe
air liacht fear a ghrádhuidh a d-tír róm¬
pa nac m-beidheadh aon amhrus air bhuaidh,
ionnus nach bh-fuil éinnidh teastáil acht
dithchioll fírinneach.
THOMAS MEEHAN.
Up Exchange St. Dublin.
ROTHA AN DOMHAIN.
(By P. A. Dougher)
Chlann threunmhar na h-Éireann tabhair
aire
Do na línntibh seo sgríobhtha san nGael,
'Gus bhéarfadh mé abhrán fa shníomh
Do bhí na cheird mhaith sa sean t-saoghal;
Cuid bhí sníomh olainn 's barraich,
Cuid eile lín agus snáth,
'S le deághfhios a carda mar thuigim,
Caoi rich na rotha san trá, —
Seo iad rotha an domhain
A carda se thig linn a rádh,
Díbirt na ndaoineadh as Éirinn,
Cuid eile díobh maslughadh sa crádh'.
Caith Liútar a bhliadhanta i n-achrann,
Cho maith le Righ Honri an t-Ocht;
Sean Chrainmer le congnamh droch spío¬
[raid,
Do lean sé 'n cúpla air an toirt;
