AN GAODHAL.
101
Seághan Calbhin, bhí dúil ins a b-plesiúr,
Do mhian sé go marbhaid sé na boicht;
Bhí Pliútó na chumpánach céile
Le ifrionn é sheola 'na roth, —
Seo iad rotha, ⁊c.
B'é sean Bhili Pit an deágh sníomhthóir,
Mur aon le Sean d—l Caisil Raé,
Do ghoid siad Féin-Riaghal as Éirinn,
Go Sasanaigh thug'dar an phlaé;
Chaith Uilliam a bhliadhanta an chráidhtigh,
A tomáint coistighe Righ Sheoirs',
Thug Sean Chaisil-Raé coisléim eile
'Gus gheárr sé a phíobán ó'n g-cluais.
Seo iad rotha, ⁊c.
Macebhlín, bhí sé 'na dheágh shníomhthóir,
Air bhord an long-chogaidh Righ,
É féin sa chongnamh ro dhána,
Níos feárr ní rabh riamh air a toinn;
B'iadsan na saighdiúirigh treuna,
Fa Nelson do throid siad go teann,
Och, na Francaigh sgaoil sé aon phileur,
'Gus thuit aig Trafalger a claoidheamh.
Seo iad rotha, ⁊c.
Chuaidh Prions Albert sníomh siar go É¬
irinn
Le na thiúrna sásta an aon t-slighe,
Do shníomh sé'n bhainríoghan air cuairt ann
Le na tuarasdal árdugh' sa mbliadhain;
Caithfidh Sean Sheághan arís dhul sníomh,
Le milliún nios mó chuir sa b-pot'
Ó thainic Prions Pádraic a láthair,
B'é sníomhta cathair na Corcaigh.
Seo iad rotha, ⁊c.
Tá na máighistridhe muillion ag sníom
toridhe cliste,
G-cuid túirnidhe sruile roimh an laé;
Anois tá siad deunadh a n-dithchill
Locht oibre fhágáil gan spraé;
Ni'l suim aca in dá mheud do chaill,
Ní airigheann siad do phian no do chrádh,
'S ní bheirid siad tuistiún 's leithphighinn
Dá g-caitheá 'n fheoil ó do chnáimh.
Seo iad rotha, ⁊c.
'S anois tá locht saidhbhris an domhain,
Cuid rotha a daingeana níos mó,
Go bríoghmhar a cuideamhuint le chéile
Na bochtánaigh a chreapladh go deó;
Och, má's mian leat choidh' dhul i g-cogadh
Bí cinnte gus tabhair do chloidheamh leat,
Bidheadh saoirse na bh-focla 's d'intinn
Go h-árd sgríobhtha suas air do bhrat.
Seo iad rotha, ⁊c.
BRIGHIDÍN BHÉASAIGH
We have received this popular song from Mrs.
H. Cloonan, St. Louis, Mo.
Do phósainn Brighidín Bheusaigh
Gan cóta bróg no léine,
A stór mo chroidhe dá bh-feudfaínn é
Go d-truisgfinn leat naoi trádha,
Air oileáinín Loch Éireann
Gan biadh, gan deoch, gan eudach
Ach mé agus tú bheith n-éinfeacht
Go réiteochadh sinn an cás.
Do sheinnfinn ceol air theudaibh
Go binn air bhárr mo mheuraibh,
Do thréigfinn mná na h-Éireann,
Agus leanfainn í mo ghrádh;
Dá m-béidhinnse righ na Gréige
No mo phrionsa 'r Phensilbhénia,
Go dtiúbhrfainn suas an méid sin duit
A pheurla 'n bhrollaigh bháin.
Do gheith mo chroidhe le buaidhreadh
Agus lónra sé naoi nuaire,
Nuair a fuair mé tuairisg
Nach dham a bhí tú i n-dán;
Agus liacht lá faoi shuairceas
Do chaith mé agus tú i n-uaigneas,
Gan éinneach ann ar n-gaobhar
Ach ceolta binn' na n-eun
Dá d-téidhtheá go bun cruaiche
Do chuirfinn-se do thuairisg,
Do rithfeadh 'n sgeul ro chruaidh orm
No do leanfainn í, mo ghrádh;
B'feárr liom suidheadh síos leat
Air chnocán fraoich no luachra
Ná ceileabhar caoin na cuaiche
Bhidheas a labhairt roimh an lá.
'S é úghdar m' usna 's m' eugchaoin
Gach maidin chiúin d'a n-éirighim,
A chúl na lúb 'sna b-peurla,
Nach dham a bhí tú n-dán;
'S gur b'é n-iarrfainn féin go fhéirín
Mé agus tú bheith an aoinfeachd
Ann áit éigin faoi 'n saoghal seo
Go leagfainn ort mo láimh.
Is deise, 's gile, 's breághdha í
see
Irish Amer.
Oct 14,
1893.
Love
Songs
of Conch
p. 122
