102
AN GAODHAL.
Ná scríbhinn Bhirgil ráidhte,
A dhá cích gheala bána
Mar an eala air an toinn;
Tá a malaidhe caol, tarruingthe,
Agus a súil cho cruinn le áirne,
Do bhídheas a g-comhnuidhe, tá's aguibh,
A fás air bhárr na d-tum.
Is milse blas a póige
Na mil na m-beach 's í róite,
Is deas a seasadh i m-bróige,
Agus a cúilín fáinneach, fionn;
Dá m-beidhinn-se 'gus bláth na h-óige
A m-Balla no a Milchonlach
Ní fhágfamuis go fóghmhar é
Ach ag ól 's ag deunadh grinn.
Tá a gruaidh air dhath na g-caorthann,
Sí cuaichín bárr na g-craobh í,
Do gheallamhaint gan deunadh bréige
Ach ag éirighe leis an lá;
Agus d' aimhdheoin dlighe na g-cléire,
Do thoghfainn thú mar chéile,
'Sa chroidhe nach lághach an sgeul é
Duine bheith ag eulóghadh le n-a ghrádh!
Tá mé márbh, breoite,
Gur chaith mé leat mo bhróga,
Go síorruidhe deunadh bróin duit,
Ní codluighim neul go 'n oidhche;
Is go bh-fuil mé i m-brón 'sa ndubhrón
O sgar tú uaim thar torin 'marin,
Agus is fad o tugadh comhairle dham
Go ngiorróchadh sé mo shaoghal.
Toiseochad shiar le Breachal
Agus rachfad go Loch Éireann,
Ó Shlige go Druim Céise
A bhéarfas mé mo shiúbhal;
Siúbhalfaidh mé Mount Feleigh,
Corcaigh agus Binneadainn,
Ní chomhnóchaidh mé an Dunagréine
Go d-téidh mé go Tráithlia.
Ní'l cnoc no gleanntán sléibhe
No baile-cuain in Éirin
Nach siúbhalfaidh mé má's féidir liom
Agus nach n-eolóchaidh mé mo mhian;
Mur bh-fághidh mé Brighid san réim sin,
Ní'l agam le rádh leithe
Ach beannacht agus céad a chur
Le péarla 'n bhrollaigh bháin.
'Sé dubhairt Mercurigh gur dóigh leis
Gur b'é Plútó sciob an t-seod leis,
Is iomdha gárdaidhe móra
A dul eidir mé agus í;
'Sé Herculas le 'na ro neart
Chuir Cerborus go'n bhóthar,
Agus a measann sibh nár chóir dam
Mo stór do leanamhuint suas?
Is iomdha pian chráidhte
In siúd, agus contabhairt báithte,
Thunderbólts d'a g-carna
Agus d'a losgadh air gach taobh;
Ach 'sé Iúpiter an máighisdir,
Agus triallfaidh mé d'a láthair,
Ach fanfaidh mé go márach
No go leigfidh mé mo scíth.
Nach é Plútó 'n prionnsa cluaineadh
Thug uaim mo srór 'gus m' ansacht,
Ech agus Rodamantus,
Níor cháirde dham an dís ;
Bhulcan, bruidhte, daithte,
A bh-fuil a leath-chois briste, breoite,
Agus Manasa nách bhí trócaireach,
Ná trusdaidhe an gadaidhe choidhch'.
Ní mór dham cana láidir,
Ní'l mé cho mór le Carna,
Agus b'fhéidir mé bheith báithte
Nuair a bhéarfadh sé orm shíos ;
Tá bád is maididhe 'rámha
Aige ann siad go síorruidhe air gárda
As ní thaithnigheann dream an phápa leis
Is ní ghéillfidh sé d'a n-dligheamh.
Ní'l aon cabhair dam annsna Spáinidhe,
Mar gheall air an m bainríoghan Máire
Do bheidheadh brúghadh agus carnadh
Agus leagaint Galla síos;
Ach dá maireach Calbhin lá éigin,
Cranmer, Honrí, agus Mártan,
Dá sgríobhfaidís liom cárda
Ní éileochaidhe orm pighinn.
Fianta fion níor mhór dam,
Oscur agus Goll Mac Móirne,
Cúculainn agus Connlacht gorganta
Ná'r chlis a g-cath ariamh;
Clann Oisín, a deir go leor linn,
Do bhainfeadh as cloidheamh lochran,
Hector agus Nisnese mór chroidhe,
Fuair fóghluim thar a Traoigh.
Chluinfeá a d-tír na hÓige
Fuaim na bh-fear móra,
(Concluded on page 108.)
