AN GAODHAL.
105
EASAONTA.
(Leis an n-Gabhar Donn).
Easaonta! easaonta! an fíor é? a Dhia !
Ní cóir libh an nídh seo, budh chóir libh an gliath
Chongbháil beó gan sguir leis an námhaid is mó,
Go bh-fuil saoirse ag Éirinn mar bhí sí fad ó.
An bh-fuil sibh air mire? an bh-fuil sibh gan chéill ?
Tá cúis agus saoirse bhur d-tíre a m-baoghal;
An beag libh an nídh seo? an í seo an t-slíghe,
Chum saoirse do thabhairt do bhur d-tír dhil a choidh'?
'S í an náire is mó 'bheith le chéile go bráth
Ag troid; seal tá náimhde bhur d-tíre gach lá
Ag neartughadh a láimhe, 's ag meudughadh a nirt,
Óir 's rún leis chongbháil uaibh go síorruidhe bhur gcirt.
Ná cuirídh muiníghin anns an Sacsanach cam,
Acht cuirídh muiníghin bhuan a's daingean 's an dream
Ó a tháinic sibh uile mar gheugaibh ó 'n bh-preumh
A's seasaídh mar aon fhear go bráth taobh le taobh.
Nois troidídh go groídhe air son Éireann bhur d-tíre,
A g-cuing mhóir an tírghrádha teannta go síorruidhe,
Aon tír, teanga, cúis agaibh uile go bhráth
No go bh-feicfidh sibh Éire gan daoirse gan crádh.
MAILIGH MO CHEUD-SEARC.
This song is written from the recitation of Mrs. Alice
Gallagher, a native of Glenties, Co. Donegal.
A Mhailigh mo cheud-searc, ná tréig thusa mise go bráth,
'S go bh-fuil mé do dhiagh ach an lá i mullaigh na n-árd;
A chuideachta ban Éireann, is tú is féile fá i nglacfaidh do
[lámh,
Sis binn guth do bhéil, 's ní breug a bh-fuilim i rádh.
Is fada liom suas air uaigneas a' baile i m-bidhean sí,
'S a' liacht ógánach suirighe a ghluaiseas i n-aice na digh;
Dá d-tigfeá-sa 'nuas fa thuairim a' bhaile úd a m-bhidhim,
Le ceileamhar na g-cuach go ngluaisfinn leatsa mar mhnaoi.
Mailigh dá m-beidheadh n-a luidhe air leaba go sáimh,
Mar shneachta air a' chraobh tá a píob 's mar lile a bráigh;
Tá dhá cíoch chóra glégheala 's aon fhear níor leag ortha lámh,
Mar an eala tá sí tráth shíneas sí 'mach air a' t-snámh.
Aig Mailigh mo cheud-searc tá an t-órolt fighte glan, réidh,
A cum cailce gan bhród thóigfeadh dólás d'fhearaibh a' tsaoighil;
Béilín meala na b-pógán, rosca róghlan gorma gan chlaon,
'S ní mhairfidh mé beo mar b-póstar Mailigh 's mé.
J. J. LYONS.
