(22)
8Mhadh Rol. Uimh. 10.
SEACHT-MHÍ,
1891.
MALAIGH GLEANNDOIMHIN.
Fuair mé an t-abhrán so ó Eoghan Ó'Domhnaill, Ran-na-
Feirsde, Co. Dhun na-n-Gall.
Antoin Sh. UaDhochartaigh.
Tá deireadh mo ama caithte, mo bhrón!
Annsa bhaile ud air tógadh riamh mé,
Ní suairceas mo dhóigh, 's ní bheidh mise air dóigh,
Tá 'n choigchrích go mór da 'm fhiacail.
Mé breathnughadh mo dhóigh 'sa phobal go neóid,
'S gan duine ann a thógfadh cian dam,
Madh theidhm go Gleann-doimhin, oro! 'chan do mo dheoin
A chaithfeas mé mórán bliadhanta ann.
Sí 'n choigchrích, saraor! a mhaireobhadh an saoghal,
'S a d' fhúigfeadh na ceudta buaidheartha;
Si ghealaigh mo dhlaoigh 's a lagaigh mo bhrígh,
'S ní 'l seasamh aig aon-neach léithe.
A n-duine da 'r mian leis mo theagasg, ná bidheadh
A bh-fad ó na dhaoine céile,
No i d-tinneas mo bhidheann, no i leatrom, ná saoil
Go bh-fuil na coimhdhígh ion-taobhtha i n'géibheann
