AN GAODHAL
111
lonuigh leo ó na ciantaibh. Is eadh le h-
adhaigh cabharuighthe leo sud is mian linn
trácht anois air an t-slighe is fearr a¬
gus is inleanta dhuinn chum an mheid is
mo de Ghaedhilge cur air foir choimead
ionus go m-beidheadh air foghnamh doibh
san air an m-ball.
Ní theasduigheann ó 'n nGaedhilge
láimh-sgríobhtha no clodh-bhuailte, agus tá
bearta bhreagha de gach cineul diobh so i
m-Baile-atha-cliath i Long dun agus i n-
áitibh eile, acht i chur i n-deagh-órdughadh
cum beo-mhaireachtan ag feitheamh air lo
a m-buaidhfear breith air leamh-aire chin¬
idh an Oileáin so le comhacht glan-duthr¬
achtach tír-ghrádha. Ní conntabhairt don
meid sin a caill ná a truailleadh tre
n-a congbháil agus a dion i locaibh dain¬
geana faoi ghlas is na leabharagáinibh
eagsamhla a luadhamar. Cuid eile, tra,
Geadhilge i g-comhair a cailleamhna gach
ló .i. an urlabhra maireas fós i mbeul¬
aibh na n-daoineadh d-tuaithe. Gan amh¬
ras is furus a mheas gu gearr an rae
atá i n-dán do so do bhrigh gurab anamh
labhartar anois í leis an dream óg budh
dhual í ghnathughadh ó bheith ar n-a siolrugh¬
adh agus ar n-a cothughadh ag tuismigh¬
theoiridhibh ag nach raibh gnath-thaithide air
aon theangain eile le linn a d-tógtha. I
g-cursaidhe na sean-daoineadh féin, is é
Beurla labhraidh go coitchean le n-a b-
páisdidhibh gidh go g-cleachtar Geadhilge
eatorra féin. Agus fós i n-áitibh eile
do chíthear an aos óg ag tabhairt freag¬
ra do na daoinibh aosda i m-Beurla i
n-aghaidh gach a deirthear leo i nGaedhilge.
Tá an donas go deimhin ameasg daoin¬
eadh le n-eirgheann an saoghal; is doigh
le n-a m-brothal-uabhar díomasach san
nach foghnann Gaedhilge do na beusaibh
Gallda tháinig le maill chuca, go ndear¬
madann í no go nach cuireann i bh-feidh¬
im í acht amháin mar Bheurlagar foluigh¬
the runda nach ionlabharta acht an tan
cheiltear neithe nach cuibhe a bh-faisnéis
i láthair páisdídheadh. Air an ádhbhar
sin agus gach adhbhar eile is mór an t-
ainiarsma theagmhas dhuinn is na laethibh
so .i. léir-ruathar deidheanach na bh-fíor-
Gaodhal do theacht orainn, oir is ead¬
arainn, sinne agus ar sinsir, ta coir
agus cioncacht cailleamhna na Gaedhilge
mar is le n-ár linn do gheibhthear bearna
bhrisfeas do shior comhnuigheacht na Gae¬
dhilge agus ni h-í lúb láidir chruaidh snadh¬
mach bheo-bhriatharach le g-ceanglóchaidhe
aoise leacht i n-imchian leis an arsaidh¬
eacht aoibhinn chuaidh tharrainn.
Ó's mar sin atá agus nach fuil neart
aguinn air no cumas air a leasughadh
deunam an nidh dob' fhearr fheudfam¬
aoid. Leathnuighmís sinn féin air chlár
na duthaigh agus cruinnighmís le saothar
gach aon rud beag no mór de Ghaedhilge
anas gus an am so. Téidhmís i n-dáil
na m-bocht agus na n-aindeiseóiridhibh bh-
fial bh-fáilteach i n-uaigneachaibh Éireann;
na spealadoiridhe agus na spailpínidhe
i b-páircibh agus i lubhghoirtibh, na n-iasg¬
airidhe cois tráigh agus na sean-daoin¬
eadh ag aittreabhadh reidh agus sleas na
sléibhteadh, agus iarramaois orra gach
míon-bhlúirín dá bh-fuil acu de dhántaibh,
de dhreachtaibh, d' eachtraidhibh, agus de
sean-ráidhtibh Gaodhalacha agus cuirmís
iad i b-preatain an pheanna dá saoradh
go cluthmhar air chlaochlodh gan tuairisg.
Faghthar amach fán am ceudna anmanna
na n-aiteann da ngabhmaoid triotha ag¬
us go h-áirighthe anmanna páirc, bothair¬
ínidhe, cnoc, carn, roilg, tobar, agus a
roile; i bh-focal, ainm gach aite ainmnigh¬
thear i nGaedhilge. Raobthar go fonn¬
mhar cochal na m-breug-anmann nGallda
fholuigheas gach fíor-ainm duthchasach chum
é do chur i g-cuimhne sul theid i n-ainbh-
fios. Óir is minic, gér danaoid linn é,
do h-arrthuigheadh na h-anmanna bí doi¬
mhin-ghreamuighthe i n-áitibh ó gnath-chleacht
na mílte bliadhain ionus go g-ceapfuidhe
'na n-áit gothaidhe gan fhath gan chiall ach
go rabhadar deigh-mhilis le cluasaibh na
nuadh-Ghall do ghabh sealbh ar bh-fearainn
thall 'sa bhus.
Iomthusa roilg, caisleán, teampall, ⁊
a leithéid is móide ná feidir linn aithris
dobhéara a sgrudadh agus a leir-chuar¬
tughadh sásamh aigne agus tarbha do na
daoinibh chuirfeas suim ionta. Agus ní
h-iad amháin iad sud doghéana toirt ag¬
us teagar do lucht le h-arsaidheacht acht
gach feart, lios, rath, crois, agus uaimh
dá bh-fuil sa d-tír air cheana. Deuntar
