112
AN GAODHAL.
tasg na neithe so do chruinniughadh má
táid fós i gh-cuimhne lucht aittréabha ag¬
us cuirthear sios a bh-fíor-chuma dileas
ar m-beith lí-dhealbhtha doibh, nó, rud níos
fearr, cumthar iad na n-iomhaighibh córa
le brigh na gréine agus aitheonar a riocht
ceart leis na táintibh.
An té do bheir curam don Ghaedhilge
amhail dubhramar ní gadh dho an duthaigh
chuartughadh mór-thimchioll; is leor sin dá
siúbhalóchadh a cheanntar féin ag lean¬
mhain dá ghno go cruinn gan bac le loc¬
aibh i bh-fad uadh. Saothruigheadh gach fear
a láin-dhithchioll ag ballughadh an mhéid
Gaedhilge theagémhas dho i ngar dá chomh¬
angar féin, agus da ndeunfaidhe an ob¬
air mar sin budh ghairid go réidhteochaidhe
go socair reimseanchusa na h-Éireann
nár druid uainn fós tareis anfhorlainn
agus géirleanamhna.
Dala slighe gluaiseachta is furus d'
oigfhear brioghmhar ag a bh-fuil airneis
imteachta air dhá-roith suim bhothair do
chur thairis gan spleachus do bhrothal an
lae nó gan saothar anáile ó fhad a rian
a bheith ag cur air. An dream, iomorra,
le nach féidir carbab don chineul sin do
shaothrughadh gabhadaois chucha fein an caoi
b'oireamhnaigh da g-cumas oir is doimhin
dearbhtha fírinne an t-sean-raidh a deir
gur fearr marcuigheacht air gabhar 'ná
dá fheabhas coisidheacht. Má tá go fuil
cabhar gluaiseachta aige ní fuláir do na
dhiaigh sin ruda eagsamhla bhaineas le n-
a cheard d' fhaghail sul fheadfas dul air
aghaidh go frithir friochnamhach. Cairt gan
dearmad peann ní fuláir go m-beidhis
aige, maille le ilghleus chum lí-dealbhtha,
no gach rud riarfas deallradh na gréine
dheigh-dheilbh do chumadh na neithe lorgas
má's mian leis iomaighthe dheanamh san
riocht sin. Tar éis a n-dubhramar tá
nídh eile i n-uireasbha fós air chruinnigh¬
theoir na Gaedhilge nach féidir leis tar¬
bha a bheith 'na dhíthchioll ná fuinneamh na
ghníomharthaibh 'na eamais i. croidhe lagh¬
ach, fior-ghroidhe, fáilteach air nós craidh¬
theadh ar n-daoineadh m-bocht nGaodhalach
bheith dá bhualadh i lár a chléibhe agus ag
sior-chur daonachta agus soillse na féile
go sleasaibh a ghnuise ghrásaigh pháirtigh.
Maile le sin do-gheabhtha sé gach a bh-fuil
agus gach nach fuil ag muinntir tuaithe
na h-Éireann agus gan é ní bh-fuighbhe
mar luach-saothar acht tuarastal a
dhroich-bheus agus a dhur-mhustarachta
Ghallda féin.
"An Buinneán Aorach."
COMHAIRLE CHARAID NA h-EIRNA.
(By Rev. Father Carroll)
1
A daoinibh na h-Éireann,
Mar d-tiocfaidh na m-blighanta,
Líonta le eagna,
Cuimhnidh air sgeulta,
'S eachtra na bh-Fiannta,
'S glóire na ceudta,
Anallód ann Eirna.
2
A daoinibh na Éireann,
Tiocfaidh na m-blighanta,
Líonta le eagna,
Acht cia m-beidh ar sgeulta,
An Gallda, na Gaoidhl'ge?
Caillgte, na naisún?
O guidhim air Iosa,
Muintir mo thír-sa,
Bidhighidh treunoir,
A daoinibh na Éireann.
3
Tiocfaidh na m-blighanta,
Lionta le eagna,
Acht coimhnidh * do theanga,
A cinidh na bh-Fiannta.
Coimhnidh do chleachtamh,
Coimhnidh do sgeulta,
Ta lonrach mar reulta,
Ann m-brollach na speura;
O a cuisle mo chléibhe,
Daoinibh na Éireann,
Beir air do theanga,
Do theanga geal glégleal!
4
A daoinidh na Éireann,
Tíocfaidh na m-blighanta
Lionta le eagna,
Acht beir air do theanga
Geal glegheal —
Se teanga 'n seinnim,
Se teanga 'n ceoil,
* This word is written also, coimheadh but I
have written it as I have heard it commonly used.
