(23)
8Mhadh Rol. Uimh. 11.
OCHT-MHÍ
1891.
Do Shaothruightheoiribh na Gaodhailge.
A Cháirde. Is furas a thuigsint go
bh-fuil an t-slighe dhéighionach atá curthadh
air bun 'san nGaodhal an modh is éif-
eachtuighe a luathadh fós le eolas coit-
chíne do thabhairt air theangain na h-Éir-
eann. Tá os cionn duisín páipeur ol-
lamhuighthe anois le na léighiontaibh fhoil-
siughadh, ach níor ghlacamar cosdas na g-
cló-tinnteach uatha fós, agus ní thig linne
do dhul faoi. Tá muidne faoi chosdas
throm go leor cheana ag iarruigh 'n Gao-
dhal do chothughadh: Cad atá sibhse dheun-
adh? Bh-fuil ach luach trí fichid píghinn
suime agaibh i saothar teangain bhur
sinsear? agus go leor agaibh a clamh-
sán faoi 'n méid sin fhéin íoc muna bh-
fághaidh sibh an Gaodhal gach mí go beacht.
A cháirde, má's mian libh go rachfadh
saothar na teangan air a aghaidh caithfidh
sibh oibriughadh air a shon: tá súile bhur
g-comhursan d'ar leursgrúdadh ⁊ mu-
na g-cuirfeadh sinn i bh-feidhm gach slighe
ann ar rightheacht béidh sinn, mar budh
chóir dúinn do bheith, 'nar m-bloc mag-
aighidh ann a g-comhair.
Cia air a shon a bh-fuil muidne a cló-
bhualadh an Ghaodhail? Sochar, an sheadh?
Is geárr go bh-foilseochaidh muid cosdas
an Ghaodhail ó cuireadh air bun é, mar
aon le gach píghinn d'a theacht-as-teach a
g-cathadh an ama sin; cad i d'íoc gach
duine, ⁊ cad ná'r íoc; ann sin feicfigh-
ear sochar agus dochar an "Lóchánaigh"!
Mar dubhramar i d-tuiseach, tá slighe
réid, bhríoghmhar anois ann ar g-cómhgar
le príomh-léighiontaibh na teangan do chur
i láimh gach Éireannaighe, bean, fear ⁊
malrach, agus muna ndeunfadhmuid sin,
budh fiúdhantaighe dhúinn do bheith 'nar d-
tosd i d-taobh ar d-tír-ghrádhacht. Dá d-
tugthaidhe do chúis na Gaodhailge trian
d'a g-caithtear i d-tigh an ósda, ní bheidh-
eadh baoghal go n-eugfadh sí, ⁊ bheidheadh
cineadh na nGaodhal 'san áit budh chóir
díobh a bheith ós comhair na g-cinidheacha.
