AN GAODHAL.
125
tubaisteach so. Dá m-beidheadh fhios a¬
gam an raed so do'n n-donas a bheith air
ní bhainfinn air cheud doilleur é mar,
Gheobhamh, &c.
Leis sin do thoicheas a cheann
'S chrom air smuaineamh,
Mar ní fheadair sé 'san domhan
Cad a b-fhéarr a dheunamh;
Ach chaith dhe a bhaireud sa chasóg,
'S chroch iad air an untas
Agus ghluais air a siúbhal
Go d-ti an g-coill a bhí bh-fogas.
Cáint — Seadh, agus iar rochduin na
coille dhó do shuidhe sé síos aig bun
crainn, faoi scáith tum, no tor, agus
so mar adubhairt sé leis féin: "Do
chualadh go minic go n-iompuighean an do
mhan timchioll an gach aon cheithre h-uaire
fichead, & cá fhios dá bh-fanfainn ann so
no go m-beidheadh an taobh shios in áirde
b' fhéidir go dtuitfeadh an chré bhog a¬
mach as. Ach biodh san mar a bheith sé,
go cinnte, ní mise an fear a ghlanfadh a¬
nois é, mar fanfad annso no go bh-feic¬
fead cad a bhainfeas dhó, óir is sé atá
ann mo mhargadh é bháint go dti uisge,
mar,
Gheobhamh, &c.
Bhuail scanradh a chomsglabadh
Air theacht go d-ti 'n obair,
Nuair chonnarc eadach Phádraic
Crochta n-áirde air an d-tobar;
Mar sgread sé, agus bhéic sé
Ag cur liugh as, 's glaodh
Go raibh Pádraic bocht marbh
Agus múchta faoi 'n g-cré.
Cháint — Seadh, agus nuair a chualadh a
chomharsain a ghlamaracht, do thangadar
a rith chuige i d-tanáiste a n-anama ag
fiafrúghadh cad a bhí air no cad a bhain
dó. "Tá," ar sé, "Pádraic bocht múchta,
marbh shios ann íochtar an tobair mar
thuit an chré asteach air anois agus é
shíos ann d'a bhaint Agus tá páipeur
an mhargaidh ann a phócadh, agus ní fios
domh-sa creud do gheobhadh mé do bhárr
mo shaothair, mar,
Gheobhamh. &c
Anns an labhair fear de 'n áit
Os árd leis an g-cruinniúghadh
A sluaiste thabhairt leo
Mar, ar sé, ag míniughadh,
"Ca fhios ná go bh-fagham beo é
Má spíonfam an chré dhe
Mar ní fhágfam fé'n bh-fód é
Má's Éireannach féin é.
Cáint — Seadh, agus air sin chaith na
fir a g-cosóga dhíobh, agus d'imighea¬
dar ag obair air a g-croidhe n-dithchioll,
gach fear acu ag sárrughadh a chéile no
go raibh an tobar glan go grinneol.
Annsan d'fheuchadar air a chéile le ion¬
gnadh, mar ní bh-fuaireadar Pádraic
ná a thuairisg.
Ach, le na linn sin, cia chídhfidís ag
teacht chuca ó'n g-coill ach Pádraic, agus
port feaduighiola aige, agus so é fáth
a phuirt, mar, Gheobhamh, &c.
"Arú Phádraic," ar siadsan.
"Nach deas an t-aisdeoir thú,
A bheith ag cur na luidh orrainn
Go rabhais shíos faoi'n bhfód so;
Shaolamar go rabhais marbh
'S ná bh-feiceamuis go deo thú,
Leis sin ghlanamar an tobar
Le súil go bh-fuigheamuis beo thú.
Cáint — "Seadh," arsa Phádraic, "táim
beo, buidheachas le Dia, go raib maith a¬
gaibh; ach má shaolbhar marbh mé cuma
nár fhágbhar curtha mé; budh é an nós a
bhí ans an dúithche an a rugadh mé, nuair
gheobhadh fear bás go n-adhlacaidhe é, ach
anois muna bh fuarbhur uisge, ní bh-fuil
pighinn ann mo sheilbh-se le go n-íocfainn
sibh air son bhur n-obair amadánta, mar,
Ní gheobhamh, &c
untas, a windlass; conra, contract
AN PHAIDIR.
(The Prayer — The Lord's Prayer.)
Ar n Athair, a tá air neamh; go naomh¬
thar d'ainm : go d-tigidh do ríoghacht; go
n-deuntar do thoil air an talamh, mar
ghnídhthear air neamh Tabhair dhúinn a-
niudh ar n-arán laetheamhuil: agus maith
dúinn ar b-fiacha, mar mhaitheamuid-ne
d'ar bh-fiachamhnaibh féin: agus ná léigh *
sinn a g-cathughadh : acht saor sinn ó olc.
Ámén.
* The Gaelic literal translation of this clause is,
permit us not into temptation, and not lead etc.,
and the Gaelic would seem to the truer rendition
for our Savior would not lead us into temptation.
