(24)
8Mhadh Rol. Uimh. 12.
DEICH-MHÍ,
1891.
AN SAMHRADH.
Is ionmhuin liom ann samhradh nuair atá
An ghrian ag taitneamh air an muir gach lá,
Ag damhsa súgach air na tonntaibh móra,
'G aith-ghealradh grinn do'n spéir a smightheadh órdha.
Nuair tá an feur ag fás air gach aon taoibh,
Na duillídhe glasa ag lonnradh air gach craoibh;
Na sruthanna ag tuisleadh thar na clochaibh beaga,
Nó 'g léimniughadh in a n-uabhar ó bhárr na creige.
Nuair tá an ghaoth ag séideadh ciúin um nóin
Ameasg na g-crann ag monbhar tromochóin;
Nuair tá na h-éin ag seinim ceoil le chéile
Ag moladh Dé, A mhaitheasa, A fhéile.
Nuair tá an t-aer am' thimchioll teith a's suairc;
An speur ag soillsiughadh os mo cheann gan duairc;
Na páistidhe beaga ag imirt air na mághaibh
No ins a sruth ag snámh faoi speurthaibh breágha.
Nuair tá na blátha áilne air gach gas
Ag meudughdh glóire 'n t-samhraidh. A! is deas
An radharc, 'sis suairc na fuama binn' a chluinim,
Na sruthanna ag rith, na h-éin ag seinim
Leis an nGabhar Donn.
