SEINÉID — MAIDIN
Ceud míle fáilte rómhat, a mhaidin bhreágh!
Ceud míle fáile rómhat, a sholuis Dé!
A chuireas in ar g-croídhthibh suaimhneas glé,
Déis dorchadais na h-oídhche, 's déis a cráidh.
Ó thús go deire tá tú mar an m-bláth
Níos suairce linn gach tráth air feadh do rae;
D'a bh-fuair sinn ó n-ar nDia ariamh mar spré
Is tú an duais is áilne linn gach lá.
Ceud míle fáilte rómhat, a stóir!
'S tú grádh a's gáire grinn gach groídhe-fhir
[tréin;
'S tú múirnín díl gach mná 'tá glan a méin.
Tá bárr na sléibhe 'g lonnradh geal mar ór,
Is gorm an speur, éist! cluinim ceol na n-eun,
Ceud míle fáilte rómhat, inghíon na gréin'.
Leis an nGabhar Donn.
SENÉID — AN NÓINÍN.
Do chuir tú athas orm, a nóinín bháin,
Trá chonnairc mé do ghnúis ag meadhon
lae
Ag lonnradh geal ameasg an fhéir ghlais
ghlé;
Ag dealradh 'measg na m-bláth mar bheag
reultán.
Is bán a's buidhe do cheann de dheise lán,
'S gídh n-deunan tú do leaba ins an g-
cré
Síorthógann tú do cheann air árd chum
Dé
Ag amharc gan eagladh air A speur
ghorm, ghlan.
Ní'l agad gúth chum Dia do mholadh, acht
Is cinnteach mé go n adhrann tú gach
uair
A mhaitheas seal síorfhoillsigheann tú
A ghlóir.
Seo é an moladh fíor, an urraim bheacht,
Air feadh an lae seal seasann tú go
taoi,
Síormholann tú do Dhia ó lár do
chroidhe.
Leis an nGabhar Donn.
The days of the week.
Dialuain, Monday; Diamáirt, Tues¬
day; Diacedín, Wednesday; Diator¬
dain, Thursday; Dia aoine, Friday;
Diasathurain, Saturday; Diadomhnaigh,
Sunday.
When using the definite article (an)
before the names of the days you omit
the dia, thus — an Luan, the Monday,
an Domhnach, the Sunday etc.
The months.
Gionbhar, January; Feabhra, Februa¬
ry; Márt. March; Abraon, April;
Bealeine, May; Mí mheadhon an t-samh¬
raidh, June; Iuil, July; Lúnas, August;
Seacht-mhí, September; Ocht-mhí, October;
Samhain, November; Deich mhí, Decem¬
ber. There are other names for some
of the months which will be explained
in the Lessons.
The Seasons.
Earrach, Spring; Samhradh, Summer;
Foghmhar, Autumn; Geibhra, Winter.
The wind from the four points of
the compass, according to Mr. Maurice
Downey, Montague, Mich., has the fol¬
lowing effect on man, fish and beast.
Gaoth ó thuaigh bidheann sí fuar, agus
cuireann sí fuacht air dhaoinibh;
Gaoth ó n-oir bidheann sí dubh, agus
cuireann sí crith an teide;
Gaoth ó n-iar bidheann sí tais, agus
cuireann sí rath air shíoltaibh;
Gaoth ó n-deas bidheann sí ritheacht,
agus cuireann sí éisg i líontaibh.
