136
AN GAODHAL.
PLANÉID MHAIGHEÓ
'Nois a teacht an Earaigh ó thárla an lá ag síneadh,
'Sa teacht na Féile Bríghide 'seadh thóigfead mo sheól,
'S ó chuir mé 'mo cheann é ní stadfaidh mé choidhche
No go seasfaidh mé shíos i lár chondae Mhaigheó;
I g-Clár Chlainn MhicMuiris seadh bheidheas mé 'n cheud oidhche,
'Sa m-Balla taobh shíos de seadh thois'ós mé 'g ól;
Go Coillte-magh rachad go ndeunad cuairt mhíosa,
I bh-foisgeacht dhá mhíle go Beul-an-áth-mhóir.
Tá 's aig an saoghal go n-éirigheann mo chroidhe
Mar sioladh de 'n ghaoith, no mar scapans an ceo,
Trá smuainim air Cheara no air Ghealan taobh shíos de,
Air sceachachaibh Mhíle no air Phlánéid Mhaigheó.
Cilliadáin an baile ag a bh-fásann gach nidh ann
Tig smeuradh, súbhcraobh ann 's measa air gach taobh;
'Sdá m-béidhinn-se 'mo sheasadh i gceart-lár mo dhaoineadh
D'imtheoch' an aois díom a's bhéidhinn arís óg.
Tá coirce agus cruintheacht, fás órna agus lín ann,
Tá seagal i g-craoibh ann, arán plúir agus beóir;
Tá locht uisge-beatha gan lisens a díol ann,
Agus mór-uaisle na tíre ag ithe 's ag ól.
Tá cur agus treabhadh ann 's leasugh' gan aoileach;
'S iomdha sórt nidh ann ná'r thracht mé air fós ;
Tá áithte 'gus muillte ag obair gan sgíth ann,
Ní'l tracht air phighinn cís ann no 'r nidh 'r bith d'a shórt.
Tá 'n t-uisge 's tá 'n loch ann 'sna h-aibhneacha líonta,
Na carrachadh deuntadh 's na chochail ag gabhail;
Tá 'n liús 's an breach 's na h-easconna ag léimneadh,
An portán 's an figheachán, an rannach 's an rón;
Tá 'n briodán 's an béalach 'na g-comhnuidhe ó oidhche ann,
Na liadhbhóga ag triall ann ó 'n fhairge mhóir;
Tá turbait a's lobstair a's plucáin ann thríobhtha,
'S tá cnádáin a's éisg ann cho farsaing lé móin.
Tá gach h-uile shórt maide d'a féidir a chur síos ann,
Sycamore, beech, coll, giúbhsach 's fuinnseóg;
Box agus cuileann, mulbeartha 'san caorthann,
'San dair ghlas d'a ndeuntar bád, long, is crann-seoil.
Tá logwood, mahogany, is gach ádhmud d'a dhaoir' ann,
'San tearwood d'a dheuntar gach h-uile ghleus ceoil;
Tá 'n tolltóir 'san sgeach d'a ngearradh 's d'a snaomadh,
'S tá 'n t-slat ann d'a ndeuntar cliabh, cis agus lód.
Tá 'n chuach 'san smólach a freagairt a chéile,
An londubh 'san chéirseach air gur os a g-cómhair;
Tá 'n creabhar 'san linet 'san goldfinch i g-cage ann,
Na naosgrachadh léimneadh, 'san fhuiseóg ó 'n móin.
Tá 'n t-iolar as Acuill 'san fiachdubh ó 'n g-Céis ann,
An seabhach as Loch Eirne, 'san ala ó 'n Róimh,
'S dá m-beightheá i g-Cilliadáin le h-éirigh na gréine
See Vol. IV — page 432
air — Petrie's A.I.M.
No. 304.
