AN GAODHAL.
137
Do chluintheá gach eun acu ag seinnim 'san n-grove.
Tá 'n boc 'san eilit, 's gach h-uile shórt game ann,
Tá'n mada-ruadh i gézáil air an m-bruc 'san míol buidhe;
'S aig céileabhar na ngadhar, 's adharca d'a séideadh
Le h-éirigh na gréine, do thógfaidhe do chroidhe.
Tá daoine uaisle air eachraibh 's macaigh i léimneadh
Ag fiadhach i bplantations go d-tagann an oidhch',
As sin go d-tí maidin bidheann seiléir d'a reubadh,
Ól aig na ceudtha 's leabtha le luidheamh.
Tá 'n láir 'san searach a bh-fochair a chéile,
An t-seisreach 'san céachta, an treabhthóir 'san síol;
As sin go d-tí máidin tá na h-úinínidhe ag méile,
Na caoiridh 'na d-treudthaibh, is leanbh aig mnaoi.
Ní 'l tinneas no aicíd, ní 'l galar no eug ann,
Ach sagairt agus cléirigh ag guidhe na naomh;
Bidheann mionnáin aig gabhar is bainbh aig céis ann.
A's bidheann an bhó ag géimneadh a triall air a laoigh.
Tá mórán mór baintreabhach fághail cabhair is réidhteach,
Slíghe bídh agus eudaigh, agus talamh gan cíos ;
Tá scoláiridhe bochta ag fághail sgol agus leun ann,
A's locht iarradh na déirce ag tarraint 'sa triall.
Sháruigh sé an domhan air gach h-uile cheann réidhtigh,
A's thug Rafterigh an sway dhó air a bh-facaidh sé ariamh;
Siúd chugaidh anois é 'na shiolúgh' Frainc Taff,
De shluagh Clann na nGaodhal é, 's go mbudh buan é a shaoghal.
EABHRACH NUADH LÚGHNASA, 1891.
Chum Eagarthóir an Ghaodhail.
A Shaoi dhíl:
Níor chuireas focal chugat do'n uibhir
budh déigheanaidhe do'n Ghaodhal, do dheasgaibh gan am a bheith
agam a sgríobh. Cuirim chugat anois dán beag toghtha as an
láimhsgríbhin as ar thógas na rannta do chuireas chugat cheana.
Dub' é sealbhóir agus sgríobh-nóir an leabhair so Uilliam Ó
h-Ógáin, 'san m-bliadhain 1825, &c., agus mar a dubhairt mé
cheana, budh dhóigh gur dhein sé a inntleacht d' ualughadh chum
é do dheunadh cho doi-léighte a's do thig leis, le crapaidhe agus
cómharthaidhe mar theagmhuigh siad ann a aigne. Agus, ní mis¬
te a rádh go bh-fuil mórán de na foclaibh litrighthe do réir
fuama no smuainimh, gan aire mhór tabhartha do cheartsgrío¬
bhadh.
So é an dán chó ceartuighthe is do thig liom, —
ÉAGÁN Ua RAITHILE cct.
Sí gile na gile do chonarcra air slíghe an uaignis,
Criostal de 'n chriostal 'sa gormrosg ríonguaithne,
Binnios na m-binnios 'nna friotal ná 'r chríon, ghruama,
Bí deirge a's finne tré luisne 'nna gríos ghruanaibh.
Cuise na g-cuise, ann gach ruibhe d'a buídhe cuachaibh,
Go bh-fanadh an cruinne do'n ringeadh le na ríonsguabaibh,
