138
AN GAODHAL.
Uirre, badh ghlinne ná 'n gloine air a bruin buacaigh,
Gur ghineadh air gineamhuin a deiseacht 'san tír uachtair.
A libhe na libhios, dham, a druidim na cruinn tuaraim.
Am chime ag an g-cime, no gur shnaidhmigh go fíor cruaigh mé,
Iar ghoirm Mhic Mhuire dham furtacht, gur bhíog uaimse,
'Nuair d-imthigh mo bhruingioll 'na luisne go Bruíghin Luachra.
Anns an, rithios am rithibh go rithim go cruinn luaimneach,
Trí imiolaibh curach, trí mhongach, 's trí shlim ruathaibh,
'Nuair thuiteas de 'n tinneabhróg 'seadh thuigeas cad í an t-
slíghe bhuaidhir mé,
Go h-ionad na n-ionad do cumadh le draoidheacht, ruaigthe.
Anns an, cromaid air sgige go sgigeamhuil buidhean, ghrugach,
Firionn de bhruinghiollaibh siosganta, dlaoith chuacach',
Ann imiolaibh gimiol, mé, cuirid gan puinn suaimhnis,
S mo bhruingioll air bhruinge aig an m-brangaire fíor stua¬
[cach.
D'ínnseasa d'ise, de 'n fhriotal dob' fhíor, uaimse,
Ná'r cuibhe dhi snaidhme le slibire slím, gruagach,
San duine dob' fhinne de shliocht chine Scuit trí h-uaire,
Ag feitheamh le h-ise bheith aige mar chaoin nuachar.
Air chluineadh mo ghuthadh, goileann go fíor uaimhreach,
Ag sile de 'n uisge le libhios a gríos ghruaghnaibh :—
Cuireann liom duine dam' chuimirc ó 'n m-bruíghin uaithe;
A sí gile na gile, do chonarcra air slíghe an uaignis.
Mo threaghaid, mo thubaist, mo thoruinn, mo bhrón, mo chlaoidh',
Mo threillseach muiringeach, milis, glan, beoltais bínn,
Aig adharcach tubaisteach, misgiosach, crón, cas, buídhe,
'S gan léighios 'nna goire go d-tigid na leoghain thar tuinn.
Go h-úmhal do sheirbhíseach,
Tomás D. de Norradh.
P. S. It may be noticed that in old times the word
bruingioll was almost always used for brinneall.
Yours,
— T. D. Norris.
America.
Mo thír is dhíot-sa é —
Áit toghtha na saoirse,
Is dhíot mo amhrán é;
'Thír mar d'éug mo aithreacha.
'Thír bród na n-oilithreádh,
Ó thaoibh gach sléibh' is mágh
Fuamnadh saoirse.
Earcadh ceól an ghaoth,
Aig fuamnadh go h-árd is gle,
Amhrán na saoirse;
Dúsgaidh' teangtha i suan,
Cuir' na beo a bh-fuaim,
Leathaidh' na dúile araon
Cúis na saoirse.
A Dhé ar n-aithreach imithighthe —
Ughdar na saoirse,
Is Cughat mo órtha é;
Go m-budh go buan beannuighthe
Ar bh-fearann le saoirse;
Coimirc sinn le do bhrígh
A Dhe mhóir ar Rígh.
The above is a version of the patriotic song AMER¬
ICA, which was sung by all clergy and laity who
were present at the celebration of the one hun¬
dredth anniversary of the foundation of St. Mary's
Seminary Baltimore lately. They were about 1500.
M, CARROLL.
