(25)
2Mhadh Rol. Uimh. 1.
GAOBHAR,
1892.
DO' N t-SRUTH.
Rith, rith, a shrúith, a's seinn d' abhrán gach uair
Faoi sgáil na g-crann, nó fós faoi ghlóir na spéire,
Ag dríthleadh air do shlíghe se níos soilléire
'Ná múinte * seod faoi fholt donn mín mo stóir.
Is súgach liom do cheol a's ceol na n-eun
A sheinneas inns na g-crannaibh — ní'l brón orra;
Is áil liom bheith gach uair, gach trá 'n bhúr bh-farradh
Ag éisteacht libh, a chairde, 's mo sheun!
Rith, rith, a shrúith, a's seinn d' abhrán dom' chroídhe,
Go sulthmhar, súgach seal atáim am' luidhe-se
Faoi chrann mór glas seal ríthir ag a throigh-se
Ag cantain ceoil go greannmhar air do shlighe.
Tá air do bhruach an feur mín glas ag fás,
A's blátha breágha — athas mór na n-daoineadh,
'S coróin a's deise na nadúra caoine.
A! cuireann siad am' chroídhe-se mór-shólás.
Tá faoi do thonntaibh geala éisg ag snámh
Annseo- -- annsud síorfheicim iad ag léimniughadh;
A's air do bhruachaibh tá na ba ag géimniughadh;
