'S na beich ag seinim ceoil go h-ísiol, sáimh.
Ní bhaineann liom-sa cúram, pian nó crádh
Seal ins an áit seo táim am' aonar soilbhir,
Fós ans an áit seo ní'l mé dúr nó doilbhir
Óir in mo chroídhe tá athas fíor gach trá.
Feuch! ag mo chosaibh tá an sruth ag rith;
Éisd! os mo cheann tá éinínidhe ag seinim;
A's mise air mo ghrádh bán óg-sa smaoinim,
Ní h-áil liom ísi dhíbirt as mo chroídhe.
Seinneochaidh mé a moladh óir is dual dí é
Ní'l croídhe le fághail faoi 'n ngréin gheal úd is glaine;
Ní'l gnúis ameasg na m-ban faoi neamh is báine
'Ná gnúis a's croídhe mo stóirín áilne glé.
A shruith ! a euna seinnidh moladh suairc
Mo ghrádha áilne óir ní thig lem' ghúth-sa
Cho suairc do sheinim, ó a shruith le tú-sa
Nó libh a euna óir atáim-se duairc;
A's éistfidh mé libh seal atáim am' luidhe
Faoi sgáil na g-crann, le h-ais na srutha caoine,
Le gáire geal am' chroidhe — seo meud mo mhaoine —
Mo bean, mo mhac, na h-éin, 's an sruth ag rith.
Leis an nGabhar Donn.
* múinte, a necklace.
The following song was written in Philadelphia from the dictation of Miss
Catherine Kerrane, a native of Glennamaddy, Co. Galway. — J J Lyons
A' CASAIDEACH BÁN
Bhí bean uasal go h-óg d'a luadh liom,
Acht chuir mé suas dith, ceud faraor geur !
'S gur phós mé stuaidh-bhean na malaidhe gruama
A rinne gual dubh thré lár mo chléibh';
Dá bh-fághainn-se an ceann sin air ursa 'n teampuill
Bheidhinn seal gan amhras air mo chomhairle féin,
Acht anois táim caillte 's dheamhan gar i caint orm,
'S beidh mo chlann bhocht i gul mo dhiagh.
Saoilim-se nach bh-fuil peaca air bith níos mó
Ná cailín óg deas a chur ó chridh,
Geallmhuint pósta a bheurfadh buachaill óg dith
'S nach n-deunfadh a chóimhlíanadh go deo ná choidhch';
Acht a dhaoine óga má ghlacfann sibh mo chomhairle,
'S ní bheidh sibh beo acht seal geárr gan bhrigh,
G'us aifreann na domhnaigh gur chaill mé leo,
A's air dheis na glóire ní rachfad choidhche.
A's a' dheamhan baile maragaidhe no sráid aonaigh
As seo síos go d-tigh Beul-an-átha,
Nach bh-fuighinn-se maighdean óg le breugadh
Acht mé bheith deunta amo cheannuidhe snádh;
— air — Petrie's
A.I.M.
No 1269.
