AN GAODHAL.
145
Mar nach raibh ar d-tréidhridhe i teacht le chéile
Beidhmid i seunadh na n-diúltachán,
'S nuair nach bh-fuinninn-se an chúis a réidhteach
Beidhid dá b-pleusgadh le maididhe coll.
'S a' dheamhan cailín óg deas a ghluaisfeadh a' ród liom
Nár dheas é a lóistín a tigheacht na h-oidhche,
Flúit agus aragáin i seinim ceoil
A thóigfeadh a' brón 'gus a tuirse dith;
Bheidheadh buidéal beorach líonta air bord ann
'Gus bean an ósda a bheith i taraint digh.
Acht seal a bheith aig ól le gach maighdean óg deas,
'S a bheith d'a b-pógadh budh é mo mhian.
Dá m-beidheadh gunna agam-sa, grán agus púdar,
Marbhóchainn cúpla lacha air móin;
Dá mbeidheadh sin agam 's mo shlat nach lúpfadh
Budh mhaith é mo chúmhnadh le n-a d-tabhairt ann braoigh,
Leagfainn gúnaidhe ar mhráibh na n-úplaidhe
'S ní dise ná mar dhúnfainn buclaidhe i m-bróig;
Chóireoghainn maighdean air fheabhas na cúige,
'S dhéanfainn humour air a' g-cailín óg.
see Gaelic
Journal
Vol. III. p.4.
Vol. XIV.
No 174.
CAILÍN DONN DEAS.
(This is the song to which Messrs. O'Brien and Loyd refer.)
Ceol ghabhthar i g-contae Ardmhacha.
A chailín duinn deis, druid análl liom,
Cuir 'sa chuntabhairt, agus thabhair damh póg;
Is leat do shiubh'lfainn cnoc a's gleanntán,
'S go Baile-an-teampoill dá m-béidheadh sé romhainn;
Tá mo mhuintir ag áiridh liomsa,
'S is cuma liomsa sin, a mhíle stór;
Ní'l aon lá margaidh dh'a m-béidh ar an bhaile seo
Nach mbéidh cúl samainneach 'gus mise 'g ól.
Ceathar agus fiche acú bhí 'n-urraidh 'ngrádh liom,
Ag siubhal na sráide 's chor chuir mé suim,
Go bh-facas chugam í an faoileán áluinn,
A's amach thríd an bh-fáinne go rachadh a com;
Bhí culaidh gheal uirrthí de 'n t-síoda ab' áille,
Agus mil go bh-fáisgfidhe as gruaig a cinn,
A's d' iarr mé 'n-urraidh ar a dhá sheanathair í,
'S gan comhairle a máthair cha d-tig sí liom.
Is buachaill bocht folamh mé, deamhan pighinn le n'ól agam;
Agus chuaidh droch-ainm orm amach 'sa tír;
Do ré braon leanna gheibhim ar trost ná ar cáirde
I n-aon thigh tabhairne d'a bh-fuil 'sa tír;
Tá giní amháin agam, glóir do 'n áirde!
Sin ar sholathair mé ariamh le bliadhain,
Neimhchead do mo cháirdibh, no a bh-fuil siad 'ga rádh liom
Ólfaidh mé a sláinte, cúl deas na g-ciabh.
ulig i g-corraidh, anger
Árd-righ ?
air Petrie's A.I.M.
No 816.
see page above
120
