146
AN GAODHAL
NÓTAIDHE.
Cuir 'sa chuntabhairt .i, cuir i bh-fiúntar, risk it.
Ag áiridh .i, feargach; labharthar "i n-áiridh," no "i n-ear¬
aidh i g-cúigeadh Mumhan agus is ionann iad araon leis
an rádh atá shuas.
Cha i., ní; char .i. níor.
Do ré braon .i., deamhan braon, diabhal braon; labharthar
an rádh so i g-contae Phortláirge agus i g-contae Dhún-
na nGall mar an g-ceudna.
Damh; labharthar an focal so ins an tuaisceart i g-comh¬
nuidhe dhe do réir mar tá sé shuas agus is ar an modh
so litrighthear ins na leabhraibh lámh é; ní ceart "damh."
CONDAE DEAS MHAIGHEO.
By P. A. Dougher.
Ó Tuachair. ?
Le bliadhain 's fiche tá mé siúbhal tré thír 's bailte mór',
Tré chluan 's cathair, cnoc 's gleann, is d'fhacaidh mé go leor,
Is iomdha cara i casa liom, is iomdha duine cóir,
Ach an áit is feárr ba taithn'uil dam sé Condae deas Mhai¬
[gheo.
Shiúbhal mé tré Balla'n-aonta 'náit i bh-faca mé coiplibh breágh,
As sin anuas go bord Loch-Conn, áit chomhnuidhe uaisle árd,
Casa liom fear-léigheanta ann 'san cheist do chuir mé dhó,
Rabh an t-sean Ghaedhilig beo fós i g-Condae deas Mhaigheo.
Breathnuidh sé le iongantas mé, 's bhí fearg inn a shúil,
"A chómhursa mhaith cia'r b'as tú, nó bh-fuil tú bh-fad 'r siúbhal,
Tá 'n Ghaodhailig inseo le aoisibh, bhí agus béidh go deo.
'S tá trí chéad míle fós d'a caint i g-Condae deas Maigheo"
Shiúbhal mé tré ghleann Néphin 'náit ar tógadh Righ na m-bárd,
As sin go Connamara siar ameasg na g cnoc árd,
Thart le bruach Loch Coirib 's treasna an sliabh mór
'Nuas go teach Tom Déligh, 's bhí fáilte aige rómham.
Bhí dorchadas na h-oidhche teacht 's bhí mé tuirseach, fuar,
'S maith an áit ar thárla mé mar dubhairt na ceudtha rómh'm,
Bhí cómhluadar deas ceolmhar ann 's iad cómhrádh mar bu chóir,
'S sé Cúlnabinne áit an ghrinn i g-Condae deas Mhaigheo.
Le éirighe 'n lae air maidin thriall mé air mo shiúbhal,
Siar go oileán Acuill atá muich sa bh-fairge mhór,
Chuaidh mé thre nead na 'soupeas,' dream rinne sgrios fadó,
Ach níor éirigh leo buidheachas do Dhia i gCondae deas Mhaigheo
Chaith mé 'n oidhche sin air an oileán is béidh cuimhne 'r go deo,
Bhí mé in sin air bhainfheis ann i thóigfadh diot an brón.
Bhí cláirsigh ceoil 's damhsa ann 's poitín neart go leor,
Le briodán, bric 's cearca-fraoich as sléibhte deas Mhaigheo
Port Nuadh a's Beulmuiligh níor sheas mé ann go fóill,
No na sléibhte thort thré Erris ann a bh-fuil na daoine cóir,
