9Mhadh Rol. Uimh. 2. FEABHRA, 1892.
Seminary Naoimhe Muire,
Cleveland, O.
An dara lá deug gon cheud mhí '92
Do eagarthóir An Ghaodhail.
A Shaoi Dhíl —
Bhí mian agam le tamall a¬
nuas páipéar Gaodhailge fhághailt an áit
a cinnid, agus ní mu ná seachtmhain ó
chuinn do fuaireas aithne air do pháip¬
éar-sa. Budh mhaith liom fhéin agus le
fear óg eile annsa Seminargh so, dá
g-cuirfeá againn do pháipéar annso gach
h-uile mhí, mar is mian linn teanga na
Gaodhailge a chosanughad — a méid a bh-
fuil fhios againn dhuithe — agus í fhóghal-
amadh. Gidh nach bh-fuil mórán am ag¬
ainn annso le sin a dhéanadh, deunfaidh
muid an méid is féidir linn leithe. Tá
súil agam go m-beidh an bhliadhain nuadh
na bliadhain mhaith do 'n nGaodhal, agus
air h-éis tamall geárr, go m-beidh tú
anan páipéar seachtmhana a chuir againn
Bheidhinn buidheach duit dá scríobhfá
air ais agam, agus, innseacht dam cia
mhéid a bheidheas air an Gaodhal sa m-
bliadhain agus cuirfidh muid an t-iom¬
lán agad an aondaigh.
Táim, a Shaoi Dhíl,
Do chara,
S O'C.
[Ó thárla gur sgríbhneoir úr an saoi
Ui Caogáin deunamuid onóir dhó le 'na
litir a chur i d-tús an Ghaodhail. Ach gidh
gur sgríbhneoir úr é is cinnte, ó bhlas &
fuaim a chainte, go labhrann sé teanga
a thíre. Feicfear go sgríobhann sé "a¬
gad" in ionad chugad, "chuin" in ionad
shoin, &c, agus ó tharla gur b'é an modh
seo nós na cainte, cia déarfas nach bh-
fuil sé ceart? 'Sé dualgus an ghraim¬
éiridhe nós na cainte a chur i bh-foirm in
ionad nós do chumadh; nach sé gnás do
ghnigheas dligheamh?]
(26)
