The following old song was written in Philadelphia from the recitation
of Mr. Con. McNeilis, a native of Inniskeel, Co. Donegal, — J. J. Lyons.
AIG IONNSAIDHE BHEINN-EUDAIN.
Sé mo nuadh-gheur gan mé 'gus rún-searc mo chléibh
Aig ionnsaidhe Bheinn-eudain maidin bhog, bhreágh,
'S gan duine air a' t-saoghal a chluinfeadh a' sgeul,
Nár thruagh leis mac Gaodhail a bheith i n-aicme mar táim;
Ní iarfainn fhéin spré léith, aradh no eideadh,
Ba, capaill no caoiridhe, ’s nach doiligh a rádh,
Acht binneas a béilín, a h-urrla 's a h-eudain,
Sé a cúl cailce, craobhach a chuir mise ann báis.
Is lúbach, bachlach, cluanach, cocánach,
Craobhach, clannógach, fada, raighin, trom
Air a' pháisdín mhuirialta, mhúinte, mhacánta,
Mhordha, ghlan, mhúsgailte, bhán, gheal, ghrinn;
A dhá dlaoigh dealraidhthe, fáisgthe, treileanta
Is soillsighe, solasda i n-iomal a cinn,
'S tá osna gan sochar a deunadh mo dhochair
A' trá smaoinim air fhoclaibh a béilín binn.
'S air mo shiubhal 'sa lá ní leur domh a' ród
Ó d' ísligh an ceo 'gus d' árduigh an ghaoth,
'S nuair nár bhudh eol uaim sgéimh na h-óige fhághail
Mheudaigh an brón suas fríd mo chroidhe,
Mar bh-fhághainn acht póg ó n-a béilín ro-dheas
A' deagh-bhean mhodhmhar a b' áille gnaoidh,
'S nach brúighte, breoighte, cráighte, leonta
D' easbhuigh treoir a táim dá didh.
'S tá folt ramar, trilseach, cuachach, cuimseach,
Trom, tiubh, triopallach síos go bróig,
Air a' chorpán mhin mhuiriúl, a' chúirtín chaoín-gheal
Sé mo nuadh gan mé 'caint le n-a beul gan bhród;
Tá mo bhás go cinnte mar bh-fáigh m' inntinn
Sásughadh cainte ó 'n mhaighdean óg,
Fáilte ghrinn fríd lár a cinn
Sí an chuach air a' choill í, i lár a' cheo.
'Sé mo nuadh gan mé 'gus í ar an oileán
Mar i n-dúil 's go d-tiocfadh chugainn a' t-iasg,
'S mar thuitfeadh a' drúcht air bharraibh crann ubhall
Go bh-fáiltear dúinn-ne an pobal a triall;
Do chorp mar a' cómhthra a's glaise do shúl
Thug mac Righ na n-dúil duit air fad a' chiall,
'S sé do gháire ciuin a fuair a' chliú
A's is tusa an chrod bhuidhe a d' aipigh an ghrian.
Sí bláth na g-craobh í a d'fhás ó 'n fhíor-cheart
A' mhaighdean aoibhinn is caoine glór,
Na maluigheacha caola a mheallfadh a' saoghal
'S ní mór mar chlaon sí ariamh go fóill;
'S má 's a díobháil caoi ne éug mo dhaoine
