AN GAODHAL.
165
ÉIRE, TÍR MO DHUTHCHAIS
Chaitheas tréimhse mhaith do'm shaoghal, níos mó na fiche bliadhain
A n-Éirinn ghlas na bhFiann, am óige,
Áit 'nn ar mhilis ceol na n-eun, roimh éiríghe suas do'n ngréin,
Fead smólaighe agus port fuiseóige;
An tradhna anns an bh-feur, an druide anns an spéir,
'S na h-eunlaith eile 'g-céill comórtuis ;
An drúchd air bhárr na g-craobh 'gus sláinte anns an aieur,
Budh neamh leat é dá m-beidheadh gan buaidhreadh.
'S ann súd do bhí na mná do bhí fírinneach 'nna n-grádh,
'S gur bh' aoibhinn leat a g-ceol tráithneona,
Ag cur deire leis an lá, bhuain allas as do chnámh',
Air theangmháil leo ní bheidhfeá brónach;
Bhíodar cúmtha, cruinn, falláin, gan corra croidhe ná cáim,
Go banamhail, dathamhuil, crábhach, cóireach,
Ag crúdh na m-bó air an m-bán, bhí naomhthachd 'na n-abhrán,
Do chuirfeadh tú go sámh a suaimhneas.
Do bhí sgiamhachd agus bláth 'gus naomhachd ann gach tráth,
'S níor bh'fhada leat an lá nó 'n oidhche,
Le soilbhireachd na rádh agus magadh gan aon chrádh,
Do scaipfeadh brón ód' árus choidhche;
'Gus air ínnsint na sean sgeul air chlisteachd Chlann na n-
[Gaodhal,
'S mar chaithidís an saoghal le sáimhe,
'S air mhnáibh mar Mháire 1 ní Naoidh, ná'r cheil a teanga riabh;
'S gur fada bheidh sí buan a sláinte.
Achd is dochar liom an sgeul tá scaipidhthe go dian,
"Ná canaid Clann-na-nGaodhal an Ghaodhailge,"
An teanga do chleachd fíréin, bhí d-túis an domhain mar aon
Thar theangthaibh eile 'n t-saoghail chum aoilte ; 2
Ní raibh canamhuin eile a ré 3 'nuair do thráighidh an díle threun,
Gur thuill Nimrod fearg Dé 'san m-Báibel;
Dubhairt an Tíghearna, "Síos 'nois téidhim; beidh deire le na
[réim,
'S beidh buaidhreadh air a g-caint mar rábhaidhil." 4
Cad tá teachd air Éireannaidhibh, tá glórmhar in a maoidheamh,
Gur b'ionmhuin leo a d-tír 'sa nGaodhailge;
'S go bh fuil a g-canamhuin bhreágh 'na luídhe, treasgartha gan
[bhrígh,
'S gan fios cá faid do bheidh sí saoghalta;
Éiríghidh suas le croidhe agus cuiridh sgoile a g-crích,
A's tagadh sibh le fonn le chéile;
Agus geallaim díbh gan sgíth, le cobhair ó Íosa Críosd,
Go m-beidh gradam díbh arís 'san t-saoghal so.
1 Máire ní Naoidh. One of the ladies who has attended
the Bowery School from its inception, and who never spa¬
red time or money to help the propagation of her native
language.
2 Aoilte, (prop. oilte), n. f., instruction, nourishment.
3 Ré, n. f., existence.
4 Rábhaidhil, n. f., raving, confusion [Genesis, c. 11. v. 7].
