166
AN GAODHAL.
DR CAHILL'S SERMON ON
LÁ AN BHREITHEAMHNAIS,
Translated by P. J. Crean,
(Continued from page 5. vol. 8.)
Mar sin, seasfad anaghaidh ar n-dol
go flaitheas le meud cumhachd mo dhiach¬
ta. Ní féidir, mar sin, ar sabháil
Bheidheadh sé an aghaidh na fírinne ar d-
tógbháil as ifrionn, amháin mar n-deun¬
fainn ifrionn & flaitheas do'n aibhéis
aon uair amháin." Na h-anamna — "Nach
n-iocfaidh aoisibh do phiantaibh ifrinn cuir
ar b-peacaidhe anaghaidh Dé"?
Criost — "Tá fios agaibh nach féidir
le teine an dubháilce athrughadh iona subh¬
áilce, ná amhgar Dé; mar sin, ní féidir
le teine gníomh na b-peacadh-marbhtha a
dhótha amach.
Na h-anamna — "Ní'l aon mhuinín ag¬
ainn mar sin"?
Críost — "Ní'l, is ní féidir."
Na h-anamna — "Tá, mar sin, an if¬
rionn, trí stáid neimh-críochnuighthe, mar
síorruidheacht amhgar Dé, síorruidheacht
teine ifrinn & síorruidheacht pianúis.
Cad a righne muidne thrídh go d-tiolla¬
muid tobaiste mhéid seo, créatúir bhoch¬
ta mar atá muid"?
Criost — "Do righne sibh an chuir is mó
a chonnairc am ná an t-síorruidheacht
ariamh — d fliuch sibh bhur lámha a bh-fuil
Slánuightheora an domhain. Bhí sibh 'nar
b-páirtidhe i m bás Chríost, mac Dé."
Na hanamna, — "Cia chaoi sin"?
Críost. — "Dá marbhóchadh fear fear
eile, na míle fear a bheith a cuideachan
a chuir cum báis, bheith gach aon fhear acu
cionntach; tá siad go h-uile cionntach;
mar sin an té a dheunfas peacadh mar¬
bhatha go toileamhuil, tá sé cionntach i
m-bás Chríost. Tá sibh, mar sin, 'nar
b-páirtidhe i m bás Chríost: saluighthe in
a chuid fola; cuir cho mór as nach féidir
le teine ifrinn a dhothadh amach a choidh.'
Na h-anmana, — "Nach bh-fuil aon ath¬
rughadh in ifrionn"?
Críost — Ní bh-fuil; tá righeacht ifrinn
cho bhuan-seasmhach le righeacht na bh-flaith¬
is, — atá acu atá curuighthe air bun air
bhrigh mo chumhacht & mo thrócaire, in áit
eile air mo chumhacht & m'amhgar, & tá
mé cho mór mo Dhia a smachdadh dúbail¬
ce & atá mé a tabhairt sásadh do'n t-
subháilce Ní thigeann sibh an Trínóid
Ní rin iona ni cruthuigh muid sinn féin.
Is muid brith beatha gach nídh; tús gach
nádúir, a grádhadh, subháilce, buan-seas¬
mhach, & a fuathadh an dubháilce. Is muid
tús gach beatha. Ní'l sé n-dán dúinn
bás a fhághail. Ní thigeann tú sinn. Gach
h-uile pheacadh marbhtha a dheunfair gan
sásadh no aithrighe a thabhairt ann, beidh
sé socroighe iona mhailis a choidhche. Doth¬
faidh sé go bráth mar bheith loch do sugh
giumhaise, & beidh go bráth gan múchadh
Tá, mar an gceudna, aon ghníomh amháin
subháilce go buan-seasmhach a ghlóir síor¬
ruidhe le tollumnaibh torchathaoir Dé, &
mar sin, mairfidh go deo. Mearbhuill¬
eann sibh muid, & mearbhuilleann sibh sibh
féin. Is é seo an chéad lá do'n t-síor¬
ruidheacht díbh, — tá an t-am anois caith¬
telicidh athrughadh nuadh air gach nidh as
seo amach. Tá an t-síorruigheacht chomh
fada & am an t-saoghail chomh geárr 's
go bh-fuil bás Adhaimh, an cheud fear, &
bás an fhir dheighionaigh an iudh, chomh fa¬
gas d'a chéile gur saoilfidh gur dhá phuin
ce iad atá beagnach buailte air a chélie
Cuirfidh uathbhás bhur b-peacaidh anois
iongantas orraibh; cuirfidh mórdhachd
Dé anois uathbhás orraibh; feicfidh sibh
an peacadh faoi chumadh critheagla agus
faitchís nuadha, & dearcaidh na flaithis
níos breághachda ná shamhluígh bhur n-int¬
inn ariamh. Cidhfidh sibh anois gach uile
nidh faoi na dhath fhírinneach féin. Bharbh¬
uigh sibh & rinne sibh tioránacht air na
bochtaibh Thruailligh sibh na daoine neamh¬
chiontacha, & líon sibh ifrionn le creach
bhur n-drúise. Thug bhur scannail droch-
mheas air chreideamh, & d'iompuigh sibh an
Soisgeul 'na ádhbhar magaidh & náire;
dhubhlanuigh sibh an Trionóid aig bhur n-
geataigh féin; rinne sibh magadh faoi 'n
m-bás; thug sibh dubhlán ifrinn & chaith sibh
dímheas agus tarcuisne air fhlaitheas.
Tá m'fhuil ramhar air bhur lámhaibh dear¬
ga; tá bhur n-damnughadh síorruidhe soc¬
ruighthe: tá bhur leapthacha sdoirmeamhla
deuntadh in ifrionn, agus tá sibh teilg-
