McKanna's Dream, Translated for THE Gael by P. A. DOUGHER.
Tráthnóna airighe áluin, breágh, mí an Mháia is mé siubhal an tráigh,
Bhí an ghrian a dul síos i n-deireadh 'n lae 'san ghealach 'g éirigh árd;
Do shuidh mé síos air aill bheag dheas 'g éisteacht leis na tonnta teacht,
'S le guth na céirsigh caoin 's na g-clais thuit mé mo chodladh siar.
Do bhriongail mé in sin faoi shuan go bh-faca mé Prionsa Brian Boróimhe,
Reult an chogadh 's a chloidheamh le cliú tóigthe 'n a láimh.
Seo iad na focla dúbhairt sé liom, "Beidh cruit na h-Éireann gan mhoill i
[fuama
Na ceolta glórmhar saoirse Lá Fhéil Pádraic teacht an ceann.
Shaoil mé go bhfaca mé in sin rómham Naomh Ruit 's é seachada dhó 'n ch'róin
Bhí na Francaigh ann thort timchioll réidh le congnamh thabhairt;
Thóig sé an chros a's a ghuth go h-árd, 'sna briathra comhairleach seo do rádh,
"Cuiduighidh le chéile fir a's mná, tá 'n námhaid láidhir rómhainn."
Shaoil mé gur sheas an sin mo chómhair Sarsfield triall go Áth-a-Luain,
Chuir sé iongantas air an Róimh an freagradh thug sé dhúinn, —
"Tá mise in seo i g-cúis mo thír 's ní stadfaidh mé go m-béidh sí saor,
Nó mar Hercules sa trá bh-fad siar fágfaidh mé na mílte marbh ró'm."
Bhí Uilliam Birrne air an bh-fód ó Bhaile Mhánuis thort an ród,
Le Catharloch a's Cilldarra go bríoghmhar le na g-cúl;
Iar-Mhidhe 's Caomhain in sa g-cúis 's condae Lughaid bhí réidh ó'n túis,
Sláine 's Átha-cliath go fearamhuil, tapa réidh.
Bhí Ceilig treun ó chnoc an Scráin an lá sin le na chloidheamh go geur,
Mhionna sé nach n-géilleochadh sé gon t-Sacsanach go bráth;
A Chlann na nGaodhal, a-lig-a-léir, tá 'g éisteacht liom n-diu faoi 'n spéir,
Tabhair comhthara do'n dómhan mhór nach m-beidh tú sglábhta fós.
Thainic an t-Athair Ua Murchadh grádhmhar fíor threasna 'n cric ó Lochgarman
Le ocht míle-deug de fhearaibh treun', níos feárr níor shiubhal i riamh;
Dhearc siad cogamhuil láidir, slán, gach fear sa phíce in a láimh,
Leis an m-bealach, i n-glanadh, talamh 's tráigh, an lá sin roimh 'n óidhch'.
Shaoil mé gur bhuail gach druma mór port Lá Fhéil Pádraic, b'bhinn an ceol,
Chuirfeadh sé bróid air an domhan mór, cho ceolmhar deas shiubhal siad,
Fear le fear, shiubhal amach n-aghaidh an námhaid teannta thort,
Le buille thabhairt 'gus sása fhághailt, le congnamh Dé, dúbhairt siad.
Bhí ceannfuirt 'n námhaid teann 's treun 'r bhárr an chnoic 's faoi na crainn,
Níor bh-feárr le na shúilibh cam ná ar scuaba beag 's mór;
Nuair chualaidh mé glaogh as na ranc Francach treun 's bu mhaith a g-caint,
"Tá mise 'n seo le cuidiughadh leat, ná bíodh faitchíos ort go fóill."
Anois tóig do phíce 's cloidheamh go geur 's leanfaidh mise Clann-a-Gael,
Ca fhaid saoirse beith ag Gráinne Mhaol sul ma d' thuitfidh an oidhche;
'S as sin go h-Achraim shiubhal siad leo, cos-an-áirde, tapaidh beo,
Le bagnets, cloidheamh 's gunnaidhe mór' leis an námhaid thiomáint siar.
Bhí 'n námhaid láidir dána rómhainn, le congnamh teacht ó'n g-coróin,
Le n-ar n-gearra deas 's clé mo bhrón 's fóill a dúbhairt go leor;
Rinne siad scrios mór non sa náll 's níor fhágadar ach an taobh bán,
Nuair a dhúisidh mé suas bí sé an lá, tá an bhrionglóid caithte — críoch.
