174
AN GAODHAL
AN SEANBHEAN BOCHT.
Leis an nGabhar Donn.
1
Tá an t-am ag teacht go luath,
Ars an seanbhean bhocht,
In a bh-feicfidh mé go nuadh,
Ars an seanbhean bhocht,
Faoirse ag mo dhaoinibh féin,
Saoirse soillseach mar an ngréin,
Ag síor-sgapadh orm-sa séin.
Ars an seanbhean bhocht.
2
Gídh go bh-fuil mo speur gan gréin,
Ars an seanbhean bhocht,
Gídh go bh-fuilim lán de leun,
Ars an seanbhean bhocht,
Béidh mo speur glan, gorm go luath;
Béidh mé lán de gháire nuadh;
Óir críochnóchar é mo dhuadh.
Ars an seanbhean bhocht.
3
Gídh gur díbreadh uaim mo chlann,
Ars an seanbhean bhocht,
Gídh gur sgriosadh óg a's sean,
Ars an seanbhean bhocht,
A! ní sgriosfar feasta iad,
Óir mo námh síorsgriosfaidh siad
A's aithdhíolfamaoid a spíod,
Ars an seanbhean bhocht.
4
Gídh gur fásach í mo thír,
Ars an seanbhean bhocht
Gan tuata, saoi nó cliar,
Ars an seanbhean bhocht,
Béidh sí glórmhar mar an rós ;
Lán de dhaoinibh; faoi fhomós;
Béidh sí saor, caithréimeach fós,
Ars an seanbhean bhocht.
5
Gídh gur láidir é mo námh,
Ars an seanbhean bhocht.
Gídh gur lag gan neart mo lámh,
Ars an seanbhean bhocht,
Béidh mé láidre fós go mór
'Ná mo námh, gídh mór a ghlóir;
Béidh mé féin mo shlánuightheóir.
Ars an seanbhean bhocht.
6
Gídh gur chuaidh mo theanga uaim,
Ars an seanbhean bhocht,
Gídh gur lán mo cheól de ghruaim,
Ars an seanbhean bhocht,
Ruaigfidh mé an Beurla cam
Béidh an Ghaedhilge ag mo dhream;
Béidh mo cheól sárbhinn gach am,
Ars an seanbhean bhocht,
7
Gídh go bh-fuil mé sean a's críon,
Ars an seanbhean bhocht,
Lán de bhrón ag gul go dian,
Ars an seanbhean bhocht,
Béidh mé mar a bhídhinn fad ó,
Óg a's deas a's treun a ngleo;
A! ní dhéarfaidh siad go deo —
'Leo an seanbhean bhocht.
