178
AN GAODHAL
MOBÍLE, MÁRT 12. '92.
Chum Fear Eagair an Ghaodhail.
A Shaoi Dhíl:
Is fad ó sgríobh mé aon rud don
Ghaodhal. Tabhairfidh mé iarracht air
bheagán foclaibh do sgríobh timchioll Mhó¬
bíle.
Tá timchioll dhá fhichead míle duine sa
g-cathair seo, dubh & bán Tá daoine sa
g-cathair seo ó gach ball de'n domhan. Do
bhí mórán Éireannaigh ann so tamall ó
shoin ach tá rómhór imighthe anois & ní'l ach
duine fánach ag teacht. Ach tá cuid mhaith
d'á sliocht ann fós, ach do chaill mórán
dóibh a d-tíreamhlacht & creideamh agh n-
aithreacha, gidh go bh-fuil mórán Cato¬
licidhe maithe aguinn. Tá sé teampuill
& Cill-easboig áluinn againn, agus fear
breágh, naomhtha 'na Tighearna Easboig,
Dochtúr Diarmuid ua Súileamháin. Tá
mainistir mná riaghala ann, maighdean¬
aca beannuighthe, & coláiste aige na h-
Aithreacha Íossa aige cnoc an Earrcach,
timchioll seacht míle ó Mhóbíle amach a
lár na Cille. Tá bráthaireacha & tear¬
monn dílleachda do bhuachaillibh agus do
chailínibh.
Ní'l saothruigheachd ann so ach amháin
cutoún adhmuid & gual Ach timchioll
trí mhíle amach ó 'n cathair tá gardhadha
ag fás tabáist & potataois, & gach eile
cineál sofhas.
Ní'l aon bhall san tír go bh-fuil aon
eolas agam a'r go féidir le duine
slighthe beatha do dhéanadh air bheagan
airgirid. Is féidir trí barra maithe do
shaothrúghadh air aon bhall amhain talmhan
sa m-bliadhain. Do dhíol aon fhear amh¬
ain luach ocht míle dolléir as timchioll
fiche acra.
An rud is measa againn an so, ta an
samhradh ró fhada, ach ní'l an aimsir go
h-an bhrochlach mar ata an ghaoith na sugh¬
mhaire an Mecsicó bog fionnfhuar agus
subhailceach.
Ach na neithe is measa ann so, tá an
cuil-cromhnach agus an nigér no an fear
dubh. Ní'l aon slighe ann so do fhear
bán, níor féidir leis maireachtain air
an tuarasdal tá le fághail ag an nig¬
ér.
Ní bhídheann torus aguinn ann so air
Lá Fhéil Pádruic le roint bliadhanta, ach
bídheann aifrionn-árd & seanmóir i d-
teampull Naomh Pádraic.
Do chara fíor-bhuan,
M. Mac Suibhne.
Ó Rath-Chormac, cois na Bríde.
Written from the dictation of John O'Donnell,
Ranafast, Co. Donegal, by
Anthony J. Doherty.
This song was composed towards the close of the
last century by Peter O'Donnell of Ranafast. He
was a shoemaker by trade, and had a brother nam¬
ed Patrick, who had learned joinery in Connaught.
On Patrick's return home he had a seal-skin cap,
an article of dress at that time very rare in the
Rosses. Peter begged his brother for the cap, but
met with a refusal, on which he composed the fol¬
lowing.
The explanation of a few words renders a trans¬
lation unnecessary, as the language is sufficiently
plain.
BAIREUD FIONNAIGH.
Nach cruaidh a agras mé é fa'n bhaireud
cidh 'r mór mo gheall,
Fa léub do chroicionn an róin, 's a chum¬
as bhí mór faoi 'n toinn;
Ní'l aon de dhearcadh air mo dhóigh, ó
rath mise as ordughadh cinn,
'N-uair a bhéidheadh an sneachta air an
mhóin, nar bh-fogus mo chabhair d'a bhonn
Ceiligidh 'n sgeul so air Aodh no millfidh
sé 'n suidhe le ceol,
Fa aidreamhacht a bhaireuda uaim, 's
mo hata i n-íobladh mhór;
Acht ó's cinneadh dam imtheacht mar dhíor¬
fadh, 'gus furtach aig aon nach bhfágham,
'S gan agam acht luidhe chois bruaigh, go
b-piocfaidh na daoil mé beo.
Dá mbídheadh mo hata i stágh, ní chluin¬
fidh go bráth mé ag caint,
Acht a feabhas mo chulaith go sail, go d-
tig uiuri gráin ó'n cheann,
Tá'n saoghal so ag mealladh a lán. 's is
cleasach a cháil dar liom,
'S an bhláth is deise 'sa ghardha, 'n-uair
a chailleas a stágh is fann.
A dhuine, do d'anam dean tárthaill, 's
mo chloigchionn ná fág í lom,
'S go bh-fuil béul na n-aingeal a rádh
linn maitheas a dheanadh i n-am;
