(28)
9Mhadh Rol. Uimh. 4.
MÍ-MHEADHON
1892
ABHRAN GRÁDHA,
Leis an nGABHAR DONN.
Do phreab mo chroídhe go gáireach 'nuair a chualaidh mé do ghúth;
Do chuireas díom an cúram gráin 'bhí fáisgthe orm go dlúth;
Mar ruaigeas solus suairc an lae an oidhche dhubh ó'n spéir,
Do ruaig ó m' anam fuaim do ghlóir an brón dubh, doirbh, dóiléir.
'Nuair tá an ghrian ag lonnradh 'steach go glórmhar am' fhuineóig,
Dom mhúsgailt as mo chodladh-sa le suairceas suairc a póig,
Mo rún-sa smaoinim ort amháin, mo sholus maidne thú,
Fíorbeannacht Dé a g-comhnuidhe ort, mo ghrádh is deise crúth.
Is áil liom 'beith ag smaoineadh ort, acht b'fheárr liom beith ag siúbhal
Led' thaoibh gach trá, dom' shúgradh féin, faoi thaithneamh geal do shúl,
Ag éisteacht leat óir tá do ghúth mar cheól ó ainglibh Dé;
Do bh' fheárr liom sin 'ná solus breágh ó'n ngréin ag túis an lae.
Tar chugam no go m-bainfidh mé led' láimh bhog bháin arís ;
Go g-cuirfidh mé mo dheug fád' chum ; go n-deunfad caint gan baois;
Go g-cuirfidh mé sólás ad' chroidhe; a ghrádh, mo ghrádh gan gó
Béidh tú mo ghrádh geal fíor amháin anois a's seal táim beo.
