AN GAODHAL.
183
AITHRIGHE RACHTÚRA DE CHREID¬
eamh Cotiliceach na h-Éireann.
(Sent by Mrs. H. Cloonan, St. Louis, Mo.)
A Íosa Chríosd a's Righ ngrása,
Chruthuigh neamh, talamh & párthas,
Dóirt a chuid fola 'r chrann na páise,
Saor sinn ó olc & ó aon bás cráidhte.
Is iomdha sagart, eabog & pápa
'G agairt air Dhia, beanria'lta 's bráthir,
B'fhéidir go n-éistighe an té budh táire
A sile na ndeor sa chroidhe bheith cráidhte.
Sé fáth mo bhuaidhr'dh, 's fuath liom trácht
air,
Gur uair í seo tá 'g iarradh sásadh,
Guidhe muid air fad Muire Mháthair,
Tá fearg air Dhia 'sa sciúrsa taraingthe,
A lucht an pheacaigh tuiguigh 'n cás seo,
Deunaigh 'n aithrighe, tá mé rádh libh.
Dubhairt Críosd féin, tá lán de ghrása
Té d'iompóch' leis go m-beoch' sé tártha.
Is mairg a ligeas leas air cáirde,
Le faitchíos go d-tiocfadh 'n sean-fhear
gránna,
Agus liachtuighe uaibhreach cródhach, láidir
A chuireann sé faoi dá chaol a chnámha;
Feuch an fear atá luath, láidir,
Léimfeadh sconnsa, cloidhe & beárna,
A bhídheas tráthnóna siúbhal na sráide
Sa dul faoi 'n g-créfóig lá'r na mhárach
Is mire 'n bás ná an tonn bháite,
Agus ná each 'ga luath air chúrsa rása,
Anaghaidh na sluaighte bhuailf'dh sé báire
As ni túisg an siúd é ná rómhainn air
gárda.
Tá sé luaineach, láidir, sgaoilte —
Ní feárr leis an lá ná lár na h-oidhche,
Trá shaoileas cách nach mbidheann baoghal
air,
Bídheann sé air ball air lár le caoine.
Is sladuigh 'n bás a cornas righte,
Prionnsaigh árda 's tighearnaigh tíre;
Bheir leis an mór an t-óg san críona,
le fastadh sgóig os cómhair na n-daoin'dh.
Is mór a thuit le tráth na díle,
Gan caint na trácht ar aimsir Mhaoise,
Dhá mheud le rádh é 's ar fágadh shíos leis,
Ní shé bhí láidir ach grása Chríosda.
Is dána 'n duine ná an mac-tíre
Bios a marbhugh' na n-uan air shiúbhal na
h-oidhche;
Sé fáth mo bhua'thra 'smo chreach shaogh'lta,
'Nuair a bheith caithte 's gan an aithrighe
deunta.
Ní bailte, feillm, sdoc nó treuda
Múineas an t-slígh go flaithis Dé dhúinn,
Ach slánug' 'r n-anma, réir mar léightear
Deunadh trusga, urnaighe 's déirce.
Is mairg a mheallas le cathuigh 'n tsaoighil
seo,
A's laighead an lóin a rachfas síos leat,
Ní'l go bhrígh 'n do leus dá mairtheá míle,
Ach mar sgiorthá 'r cuairt 's air ais 'rís.
Dá m-budh leat ór & stór na righte,
Maoin mhór & saibhreas saoghalta,
Bailte 's talta, le eallaigh líonta,
Ní'l agad le fághail ach an uaigh deunta.
Cia ndeachaidh do chapaill, do bha a's do
chaoirigh.
Nó na seoda breágha bhíoch ad' fhiadhnis',
Do bhean 'sdo chlann bhíoch 'na suidhe leat,
Nó 'n clúmhach mín air a mbídhtheá sínte;
Do chúirt, do theach is do theallaigh míne,
Chia ndeachaidh 'n bord a n-óltá fíon de,
Do chóistighe, eachruidh 's róbuidh síoda,
Nó do lucht ollamh bhíoch deuna sians duit
Nuair bheidheas do chluasa bódhar gan éis¬
teacht,
Seacfaidh do ghuailne agus crarfaidh do
gheuga,
Do shúile glasa gan radharc gan leurgas
Bhí ann do cheann gan cama gan claonadh.
Nuair bheidheas do chnámha thré na chéile
Gan fuil gan feoil air aghaidh na gréine,
Cia n-deachaidh 'n ghile bhí ann d'eudan
Nó do cúl glas gruaige bhídhtheá réidhteach.
Ag dul do luidheamh duit ná bí bhalamh,
Nocht' do ghlúine 's brúigh an talamh,
Cuimhnigh air ar chuir tú tharat
'Sgo bh-fuil tú triall air shluagh na marbh.
Úmhlaigh 's geall do'n chléir 's do'n eaglais
A fuair cúmhacht peacaidhe mhaitheadh
Do réir an dlíghe tá d-teamull Pheadair
'Sní baoghal duig bás ach malrait beatha
Nuair thiocfas Críosd air thaobh an t-
sléibhe,
See "Raftery.
pub. by Dr. Hyde
