﻿184
AN GAODHAL.
Cruinneochaidh sé leis an cine-daondha,
Béidh do dhroch ghníomhra sgríobhtha air d-
eudan,
San fear le d'ais 'nan a léigheadh duit
Siúd í 'n chúirt nach nglacáidh na breuga
'Snach nglacaidh caint ó fhear d'a thréine
Breitheamh na fírinn' bheidh's d'a n-éiseacht
Aon mhac Íosa, ar ndeárnadh a cheusa
Nuair bhí mé óg budh olc mo thréighthe,
Budh mhór mo spéis i ngleo & in achrann,
B'fheárr liom go mór imirt & ól
Ná maidin Domhnaigh triall an aifrinn.
Níor bh'fheárr liom suidheadh le chailín óg,
Nó bean phósta do eulóghadh tamall,
Go mhionnuighe móra bhí mé tabharthadh
As drúis no pót'reacht níor lig mé tharm
Tá mo choirthe anois ró mhór,
Diúltóchad dóibh má mhairim tamall,
Leagaidh gach air mo cholainn fós,
A Righ na glóire tárthuidh m'anam.
Peacadh gnimh a chrádhuidh mo chroidhe
As chaill an saoghal mar gheall air bheirt,
Má's coir an craos tá mé daor,
Mar bh-fóire Chríosd, air m'anam bocht
A Righ tá air neamh a chruthuidh Ádhamh,
Sa chuireas cúis an pheacadh ann ubhall,
Sgreadaim ort i n-gutha árd'
Óir is le do ghrása atá mé súil.
Tá mé 'nois air bhruach an bháis;
Is geárr an spás go d-téidh mé 'n úir,
Is feárr go déighionach ná go brách,
Fuagruighim páirt air Righ na n-dúl.
Cuaille corr mé air eudan fál,
Is cos'mhuil le bád mé chaill a stiúir,
Buailfidhe asteach air bord trágha,
Sa bheoch d'a bháthadh 's cailleadh a sheoil.
Bainríghan phárthais, máthair & maighdean,
Sgáthán na n-grása, neach & naomh,
Coimhridh m'anam air do sgáth —
Tóig mo pháirt & béidh mé saor.
Nuair fhosgló's Críost leabh'r'n chúntais
Sgáthán na gceart bheidheas d'a iomchar,
Is mór an gar an mhaith a deuntar,
Diúltaidh do'n pheacadh & éistuigh liomsa.
Lucht éirigh-an-áirde stataigh & dúithche,
Tiocfaidh sibh geárr n-deire na cúise,
Gan an aithrighe dheuna béidh sibh brúidhte
Measg lucht fola pot a's drúise.
Le críochnúgh' na h-aithríghe & í so-léighte,
Ameasg céile feallsa & í athrugh' air
Bheurla,
Guidh Dia Domhnigh Sathuirn & Aoine,
Go dtéidh d-tairbhe do'n g-cine daonna.
An te thuigeas an aithrigh seo tá deunta
Agus chuireas a mhuinín in Íosa Críosd,
Ní baoghal dó bás i stáid an pheaca,
Is béidh go deo ameasg na n-aingeal.
Míle air tús agus ocht g-ceud,
Fiche go beacht agus an dó-dheug,
O thurlaing an tigh'rna reub na geataigh
Do corm an ama ndeárnaigh Rachtúire
an aithrigh.
[We believe that this poem is longer, but how
many are there who could retain in mind all that
Mrs, Cloonan has ? — Ed. G.)
The population of England and Scotland has
doubled since 1841; had Ireland done the same
her population would be 16,350,248.
The following is the first installment of a series
of songs and stories which Mr. P. O'Leary, Inches,
Castletownbere, Co. Cork, purposes to send to THE
GAEL.
CUIRIMÍS LE CHÉILE.
Cuirimís le chéile sul a d-tiocfaidh an
bás
Chum lucht ínste ár sgeultadh do threas¬
gairt ar lár;
Na stad'maois d' ár saothar faid is
léir dúinn an lá,
Oir oidhche an léirsgris go deimhin dúinn
is geárr,
Acht cuirimís le chéile
Chum na sgeulta fíor-bhreágh'
Ár sinnsir in Éirinn
Do bhailiughadh roimh bás.
Cuirimís le chéile as bailighmís gach dán
As abhrán caoin caomh-mhilis ar n-gaisge
'sár ngrádh ;
Is cian dóibh faoi neultaibh 'sis fada é
a bh-fán.
Acht cruinnighmís an ceol-cuid tá fós
díobh le fághail.
O! cuirimís le chéile
Chum gach abhrán as dán
Ár sinnsir in Éirinn
Do bhailiughadh roimh bás.
