AN GAODHAL
185
AN FÁNUIDHE FÍORBHOCHT.
Do bhí buachaill san domhan t-soir &
do bhí sé cuartadh d'obair air feadh mó¬
ráin aimsire acht faoi dheoidh fuair sé
obair ó shean-chailligh ag a raibh aon in¬
ghean amháin.
Maidin an chéid lae dubhairt an chaill¬
each leis go raibh eachlann aici n-a raibh an
meud aoiligh dhéan céad capall air feadh
trí chéad bliadhan. Do chaill sí snáthad
ann tamall éigin roimhe-sin & d'aithin sí
do'n bhuachaill an t-aoileach go léir bheith
glanta amach aige & an snáthadh bheith ar
fághail di-féin le luighe na gréine.
Chuaidh sé go d-tí an eachlann agus do
thosnuigh sé ag caitheamh amach le píce acht
do réir mar do chaitheadh sé amach scaob
do thagadh seacht scaoib asteach. Do
léim a chroidhe suas chum a bhéil nuair a
chonnairc sé é seo acht níor stad sé
suas dá obair do thapagoin go d-tí gur
follas dó go raibh an carn ag meudughadh
in aghaidh dul i luighead. Annsan bhí sé
go doilbh dúbhach acht níor bh'fhios dó an
m-b'fheárr dó teitheadh go mear mileadh¬
ta nó suidhe síos & fanamhuint le cia b'
é nidh bhí i n-dán dó. I g-cionn tamaill
do dhéan sé suas a aigne fanamhuint
mar a raibh aige, & ag iarraidh cobhair
Dé, do chaith sé uaidh a phíce & do shuidh
ar lic fuair sé taobh-amuigh de'n eachlann.
Ní raibh sé bh-fad mar sin nuair a dhearc
sé éan níos duibhe ná aoin nidh ar ar
leig sé a shúil riamh roimhe sin, & blúire
beag bidh aige in a ghob.
Núair chonnairc an t-éan an buachaill
níor sgein sé pioc acht do shiubhal suas
chuige go h-úghdarasach gur stad os a
chómhair & ag feuchaint suas air d'fhiaf¬
ruig de fáth a bhróin. D'innis sé a sgéal
ó thús go deire. "Seo," ar an t-éan,
ag leigean do'n bhiadh tuitim as a ghob,
"ith é so go fóil & ná bíodh eagla ort."
le n-a linn do tharraing sé amach ó n-a
sgiathán deas picín trí-ladhrach; do sháith
é san aoileach & chuaidh an carn go léir
amach d'a dheoin féin fad a bheiththeá ag
dúnadh do shúl.
An tan do bhí a chuid ithte aige do ghabh
sé míle buidheachas leis an éan. "Tarr¬
aing an pícín trí-ladhrach-so," ar an t-
éan leis; do tharraing & creud do bhiedh¬
eadh faoi acht an snáthad. Annsan bhí
an-áthas air fad air, óir bhí a ghnó lae
déanta. "Anois,' ar an t-éan, "ar do
bhás nó do bheatha ná innis dom' mháthair
gur bhuaileas-sa ad threó: is mise inghean
na caillighe & dá m-beidheadh a fhios aici
go n-déanfainn-se cobhrughadh leat do
chuirfeadh sinn araon chum báis." "Ná
bíodh eagla ort," ar an buachaill, "go
n-inneósad sa aoinnidh ded' dhruim."
Le luidhe na gréine chuaidh an bua¬
chaill go tigh na caillighe; dubhairt sé léi
go raibh an t-eachlann comh glan le n-a
súil & thug an snáthad di. "Ní ort-sa
a bhuidheachas," ar sí, "ag cur a dá súil
thríd, "& mo lámh duit leis nach m-bheidh
an cobhair agat amárach do bhí a n-diu."
Ar chlos sin dó bhí sé brónach, buaidhear¬
tha, go mórmhór nó nár chonnairc sé in¬
ghean na caillighe in aon bhall ar fúd an
tighe. Chuaidh sé a chodladh san oidhche acht
ma dheachaidh níor throm suan dó, óir bhí
a fhios aige go dian-mhaith go raib obair
cruaidh 'na chómhair lá ar na márach.
Le deargadh andá néall bhí sé in a
shuidhe acht da moiche é bhí an sean-chailleach
le h-ais na teine roimhe. D'éis a choda
chaitheamh do ghlaodh sí air; do thug tuagh
dó in a láimh; & dhá thabhairt chum an do¬
ruis, do shin sí amach a lámh chlí a rádh: —
'Bíodh an coill sin gearrtha domhsa roimh
irr lae no muna m-beidh bíodh ort féin."
Níor labhair sí aon fhocal eile acht d'
imthigh uadh ag a fhágbháil annsan in a
bhruid bhrónaigh Chuaidh sé chum na coille.
An céad crann do bhuail uime thug sé
iarracht air & do leag é acht, monuar!
ní raibh sé leagtha i g-ceart tráth d'fás
céad crann in áit an chinn bhí ar lár.
(Le bheith ar leanamhuin)
THE WORLD'S COLUMBIAN EXPOSITION
Send 50 cents to Bond & Co., 576 Rookery, Chi¬
cago, and you will receive, post paid, a four hund¬
dred page advance Guide to the Exposition, with e¬
legant Engravings of the Grounds and Buildings,
Portraits of its leading spirits, and a Map of the
City of Chicago; all of the Rules governing the Ex¬
position and Exhibitors, and all information which
can be given out in advance of its opening. Also,
other Engravings and printed information will be
sent you as published. It will be a very valuable
Book and every person should secure a copy, — Advt
