FONN BARRADH LOCH LÉIN.
An dreacht beag so air leanmhuin do
cheap mé go déigheanach ag cuímhne ar
laethibh m'óige agus na neithibh do chonarc
an tan san.
TOMÁS Ua GRIOMHTHA.
Atá páircínn ghlas ghleoite ag Dómhnal
Anaice Rinnbhuidhe,
Bídheann an eilit a sport ann
An lon-dubh a seinim go binn;
Bídheann an fhuiseóg sa smólach go ceol¬
[mhar
A cantain nótaighe
Dá shíor rádh le Nóra an t-óigfear
Go d-tiocfadh gan moill.
A m-bárr chnoicín ghualan gan buaidhreabh
Do chasadh mé lá
Is mé féachaint ó thuadh air chuanta
Bhaile mhic Dháth.
Do dhearcusa an stuaire na g-cuach
'Sa bhrollaig ghil bháin,
Bhí luisne na gruadhna sa dualfholt
A tuitim go sáil.
Aig Daingean ni Chúise air d-tuis
Do dhearcas an bhab,
Bhí leasadh 'na gnúis "dar liom"
A's gile 'na bráighid.
Bo thriopallach, dluith tuidh, buacallach
Bachallach bán
A fionna fholt fionn lé túirling
Gan falcus gan cháin.
A g-cúm Bhaile an Ghárainn
Fásann biolar is féur,
Bídheann cearca fraoigh is bárdail
Cága is drid ann gan bhréig.
Bídheann uain a's mionnáin gach lá ann
A súgradh 'sa plae,
Bric ghealadh a's bradáin a snámh
Ans an linn le n-a dtaobh.
Cois trágha Bhige bhídheasa a's m'inntinn
Gan mhairg gan bhrón,
'Sa m-baile Níghstíghnigh mar a mbídís
Gasradh an cheoil,
Bhídheadh fearaibh a rinnce ann, ag saoithe
Imirt a's ól,
Is Nórínn nidh Griomhtha 'na suighe
Le'm aice air stól.
Mo shlán beo le h-Éire go léir
Is le Pobal Lispóil,
Mar a mbídheadh fearraibh is béithe
Go h-eadhrach a damhas ar an ród
Bhídheadh píobaire caoch ann air saothar
A seinim an cheoil,
Is bo ghreann leat na geadhna le laochus
A rinnce air a mbórd.
Mo chéad míle slán tar sáil
Chum Daingean an ghrinn
A's chum aonach an Cláir, mar ar
Ghnáthach ba capaill is laoigh,
Chum cuan geal Fionn-tragha a náit
Gur leagadh gan bhríghe
Daire 'san gárda do thainig leis
Treasna tar toinn.
An Ceangal.
Cuirim ó'm chroidhe mo ghuidhe
Chum Athair na ngrás
Is chum an Bhanaltra mhín tais
Do thoill árd cheannus thar mhnáibh
Gan mé leagadh ná shínne sa thír seo,
Lag marbh faoi chlár
Go bhficiod arís sibh, a's bhur d-tír-ghlas,
A gceannus go bráth.
Le Tomás O'Griomhtha.
The above is a picture of the scenes of my boy¬
hood as they vividly parade before my imagination
thousands of times after the lapse of forty-two
years. If Capt. Thomas D. Norris and yourself,
Mr. Logan, think that the above song is worthy a
place in the Gael, I respectfully dedicate it to Capt
Thomas D. Norris, the Irish David who killed the
anti-Irish Goliah. The song is original, just com¬
posed. Nora, mentioned above was a beautiful
young woman.
[Though forty years from the “Old Sod," Mr.
Griffin retains a vivid recollection of his youthful
surroundings. — Ed.
The Original 14 Club
had its outing at College Point on June
30, when a very pleasant time was en¬
joyed. This is the bon-ton club of the
city, numbering some 600 members.
The prominent members of the Club
known to us are, Judge Walsh, the pre¬
sident; Anthony Walsh, treasurer, J.
Kyne, W. Grady, P. J. Cody, and R T
Brown, all good Gaelic friends.
The Irish Pennsylvanian, Pitsburgh, Pa is one
of the brightest and newsiest weeklies that come to
our exchange table.
