196
AN GAODHAL
AN FÁNUIDHE FÍOR-BHOCHT.
(Continued from page 185.)
"Dia liom," ar an buachaill, "táim so¬
cair anois nó riamh." Annsan do thug
sé chum a chuimhne na briathra dubhairt an
sean-chailleach leis a n-dé. Thosnuigh sé
ag gearrrdh arís acht budh é an cleas
céadna é. "Tá sé cómh math agam mo
shonas a ghlacadh," ar sé; & do shuidh sé
síos do féin. Bhí a cheann faoi aige acht
i g-cionn tamaill do thóg sé suas a
cheann & ag feuchaint timcheall air d'ai¬
righ sé rud éigin dubh ag eiteall tríd an
aer a bh-fad uaidh. Choiméad sé a shúile
air a g-comhnuidhe; do bhreathnuigh i é go
raibh sé ag dul a méid go d-ti fá dheire
gur chonnairc sé a éinín dhil féin ag
triall air go mear. Do gheit a chroidhe
le áthas & do chuir sé míle fáilte roimhe.
"Ciannos taoi," ar an t-éan. "Lein an
m-bás," ar an buachaill, "muna bhfeud¬
fair-se fóirighthin orm." "Ní baoghal
duit," ar an t-éan, ag tabhairt an bhidh
do bhí in a ghob dó ag rádh leis éitheadh &
gan bheith buaidheartha.
Annsan d'innis an t éan mar d'aithin
an sean-chailleach gur thug sé cobhair leis
a n-né ; mar do chuireadh i n-géibhion í &
mar d'euluigh as. Fad a bhí an buachaill
ag itheadh a choda do thóg an t-éinín tuagh
do bhí faoi n-a sgiathán deas amach. Do
thóg seisean é; d'éiridh suas & bhuail
buille ar chrann & leis sean thuit gach
aon crann riamh bhí sa choill. Bhí coinn¬
eall in a shchilibh bhí an oiread san áthais
air & do ghabh sé buidheachas a chroidhe
leis. Acht do chuir an t-éan faoi gheas¬
aibh é gan innsint do duine ar bith gur
bhuaileadar féin i d-treó a chéile, óir
dá bhfaghadh an chailleach amach é do chuir¬
feadh sí chum báis a inghean gidh nach raibh
aici do mhaoin saoghalta ach í.
Chuaidh an buachaill chum caisleáin na
caillighe tráth bhí an ghrian ag dul faoi;
an tuagh in a láimh dheis aige. Bhí an
sean-chailleach ag suidhe le h-ais na teine
a ceann ar a glúin aici. Nuair chual¬
aidh sí an siubhal do thóg sí a ceann &
do labhair sí mar seo, "Tá do ghnó
déanta agat, acht má tá caithfir seas¬
eamh suas anocht & mise do chioméad am
dhúiseacht feadh na h-oidhche le sgéalaidh¬
eacht.
Ní fhacaidh sé inghean na caillighe in
aon treó & do chuir san duairceas ais.
"Lean mise," ar an chailleach. Do lean
sé í tri allaidhibh áilne ag taitneamh le
ór & airgead. Fá dheireadh rándadar
alla fíor-bhreagh mar a raibh lóchran mor.
"Fan-sa annso feadh na h-oidhche; beid¬
ead-sa san alla is glorra duit. Tioc¬
fa-sa chugat airís a g-cionn tamaill &
muna m-beidhir olamh an uair sin is duit
measa."
Do dhún sí an doras air, aga fhágbháil
in aonar. Níor bh' fhada gur chualaidh sé
mar a bheidheadh siubhal éadtrom taobh a-
muigh de'n doras & chonnairc sé an bhean
ba bhreághtha ar ar leig sé súil riamh. D'
éirigh 'na sheasamh, do bheannuigh di & dubh¬
airt léi suidhe síos dá m-badh é a toil é.
Do shuidh sí & d'innis do gur ab í féin
an t-éan do shaor é an dá lá roimh sin
& gur thainic sí chum a chur in iúl do gur
budh é mian a máthar eisean do dhithchean¬
nadh da bhfaghadh sí aon bhuailéagor air,
acht nach bhfuair fós. "Tá cleas agam-
sa le n-imirt air anocht chum thusa do
shábhail," ar sí. "Feuch annso tá mála"
ag tógbháil mála amach ar a póca — "&
tá sé lán de chlochaibh beaga, inneosaidh
gach cloch díobh sgéal & teitheam araon."
'Mo lámh duit," ar eisean, "leanfad-sa
thú cia aca síos suas dom." Má táir
sásta anois," ar sí, "lean mé."
As leo go bráth trí allaidhibh móra
árda, trí dóirsibh diana daingeana, nó
gua fhágadar an caisleán; sin trí coill¬
tibh tiugha aimhréidh & bóithribh aola cnap¬
acha. Do shroicheadar magh mín breágh
trath bhi faesamh an lae teacht, & na h-
éiníndhe ag tosnughadh ar seinm ar bhar¬
raibh na g-craobh ; acht níor stadadar
rinmh ná coidhche gur bhuail srothán leó ag
sníomh tri lár an mhagha & do shuidheadar
síos ar a bhruach & do leigeadar a d-
tuirse dhíobh.
Sa' caint dóibh cread do chifidís acht
an chailleach ag triall orra & cúbhar le
n-a béal. Nuair bhí sí ag teacht taobh leó
bhain an cailín snáthad ar a brollach &
