AN GAODHAL.
197
do chaith í i g-conne a máthar. Ar d-tui¬
tim anuas ar an d-talamh di d'fhás líne
snáthad fad do radhairc suas go d-ti
an spéir ar mhódh na'r fheud an chailleach
an bheirt eile do rochtain nó fós iad d'
feicsint nó go bhfuair sí a tuagh draoi¬
dheachta & gur gheárr sí raon di féin.
Fad a bhí sí ag a dhéanamh san do
theith an cailín & an buachaill acht níor
chian gur rugadh orra arís. Do bhain an
cailín fáinne bhuidhe óir bhí ar a méir di
& do chaith é a g-coinne a máthar arís.
Gan aon amhrus bhí an fáinne beag acht
ar n-dul tríd an an aer do, chuaidh sé
an oiread san i leithead go raibh sé mór
a dhóitin chum teacht timchcall colna na
caillighe & ar d-tuitim chum a cos d'fhás
an fáinne suas i n-glinntibh. Smuain sí
lúthaireach ar an tuagh draoidheachta do
thógbháil amach arís acht bhí an fáinne
cómh fáisgthe 'na timcheall go raibh sí a
bhfad sul ar fheud sí raon do ghearradh
di féin.
Ar d-teacht amach as an bhfáinne di
bhí sí i riocht muice. Do lean sí rian na
beirte eile bhí teitheadh roimpi. Fa dheire
tháinic sí suas leo, a béal ar leathadh
chum iad do slugadh. "Seo ubh duit," ar
an cailín leis an m-buachaill, "caith lem'
mháthair í & má fheudann tú cur isteach
in a sgórnuigh é, óir má chuireann tú tá¬
maoid sábháltha"
Bheir sé ar an ubh & do chaith í; go ádh¬
mharach d'aimsigh sé an ball ceart & do
thuit an mhuch gan éirighe go bráth. "Tá
go maith & ní'l go h-olc," ar an bheirt i
m-béal a chéile.
"Cread dhéanfam anois," ar an buach¬
aill?" D'fheuch sise air go géar & do
chuir smiota gáire airthi. "Caithfir-se
dul abhaile dod thig féin." Ar chlos sin
do, shaoil sé gur shiubhal an bás air & b'
fheárr leis go m-beidheadh an fód do bhí
faoi os a coinn. "Má théidhim abhrile, ar
sé, "beidhead ag cuimhne ort-sa." "Ag
cuimhne orm-sa!" ar sé Ní bheidhir ag
cuimhneadh orm-sa! óir ní túisge bheidhir
sa bhaile a g-ceart ná slíobfaidh cú bhán
t'athar do lámha & as san amach ní chuimh¬
neóchair orm-sa nó go bh-feicfir mé an
lá sul a phósair! Slán leat!"
As léithe go bráth. D'imigh seiseas a
shlighe féin faoi bhrón & buaidhirt. Ba
mhinic d'fheuch sé ar a chúlaibh le súil go
bh-feicfeadh sé an spéirbhean acht ní fhac¬
aidh. Chum cinn leis gur ráinig sé ceann
a riain. D'fhearadh feiltidhe roimhe. D'
fheuch sé timcheall air d'fheuchain a bhfeic¬
feadh sé an chú bán. Do chonnairc; tháin¬
ig sí chuige, & bhí ag líopáil timcheall air
& d'éis caradas dhéanadh leis do shlíob
sé a lámha.
I g-cionn sé bliadhna 'na dhiaidh san
dhéan sé cleamhnas le cailín do chómhnuigh
san m-baile céadna leis. Tar éis an
chleamhnais do réiteach, d'aithin sé fleadh
do dhéanamh, & cuireadh chur ar gach uile
ógán & cailín do mhair mór-timcheall air.
Tháinic gach uile duine; bhí fleadh gléas¬
ta rómpa; shuidheadar cum ithte & óil;
na dhiaidh san bhí ceól & rínceadh aca.
'Nuair a bhíodar tuirseach ó 'n rín¬
ceadh thosnuigheadar ag ínnsint sgéal;
chaith gach uile dhuine sgéal bheith aige. A
n-deire ar fad d'éirigh cailín ar a raibh
folt níos duibhe ná sgiathán an fhiaich
duibh & cncas níos glaine ná bláth draigh¬
in. ghorm niamhmharach in a súilibh & las¬
adh mar scáil na g-caor in a gruaidh. Is
é an sgéal d'innis sí acht mar atá ínn¬
ste agam-sa dhíbhse. Annsan do thug an
buachaill chum a chuimhne a imeachta san
domhan t-soir. Do léim sé as a chathaoir
& do chuaidh & do chuir céad míle fáilte
róimpi, & do bheir bróg airri & do póg
í trí h-uaire. Agus d'innis sé do 'n
chóimhthionól uile gach nidh mar do bhí ó
thús go deire.
Ar an márach bhrís sé an cleamhnas
bhí réitighthe leis an g-cailín eile & do
phós an bhean do shaor ó'n m-bás go min¬
ic é. Agus níor aithreachas do san, óir
do chaitheadar an chuid eile dá saoghal
gan brón ioná mí-ádh ar bith.
Críoch an chéid sgéil.
The Colorado Catholic, Denver, is ably edited.
Father Malone is a strong advocate of a Catholic
arena. Could there be a more fitting matter for
such than that discussed in the leading articles in
the two last issues of THE GAEL Was the Fath¬
er afraid to touch it?
The Tuam News and the Clonmel Nationalist
should be supported by Irishmen, both having
Gaelic departments.
