(30)
9Mhadh Rol. Uimh. 6.
SEACHT-MHÍ
1892.
DÁN AIR "MACH-AN-ULTA."
Fonn — Rígh Oileán na g-Cairnitheor.
Ababú! ar chualais an sgeul
Tá curtha i leith gach Gaodhal
Thainic ariamh air an saoghal,
Leis'n g cleasaidh, Mac-an-Ulta, —
'Sé sin é nach bh-fuil 'nar b-pór
Ach spailpínidhe, beag a's mór,
Nach labhrann Béarl' mar is cóir,
Ach Gaodhailge Chon-na-mara!
Súd é an te luaidh an sgeul,
Bhí dul thart ó bheul go beul,
Go suidhfeadh síos air an nGaodhal,
Gan oiread a's rúinne truaigh', —
Go leagfadh 'thóin air chó trom
'Snach bh-fuighthidhe é g-clais nó d-tom
Dá siúbh'lthaidhe 'n domhan air a bhonn,
Ó shin go lá an t-sléibhe!
Is fur's d'aithne, ó n-a rádh,
Nár thug Pan dó solus fádh'
Óir tá 'n Gaodhal 'na mhalrach bhreágh,
Ag rith air fad na tíre, —
'Snár "Suidh sé síos air go teann,
Acht (fúigheall-fíona in a cheann)
Labhair na focla sin i ngreann,
Nó, le n-a adharc do shéideadh.
Tá sé 'nois gan bhrigh gan cháil,
A's lúth a bhéil d'a fhágbháil,
Ach oibreann fós faoi dhroich scáil'
Dhorchadais dhuibh na h-oidhche; —
Maslúgh' Gaodhal ó oidhch' go ló
Tá go cráíbhtheach ins an ngleo
Chum a d-teanga mhilis, bheodh'
Árdúghadh suas in áirde.
'Nois ag críochnúgh' bun mo sgéil,
Cuirim impidhe air shliochd Ghaodhail
Cur le chéile 'r fad an t-saoghail,
'San t-sean námhaid a ruagadh, —
'Sa d-teanga mhín mháth'rdha féin,
Tá 'n-a measg ó aimsir séin,
Chleachda 'rís i bh-foirm léighin,
Mar bí 'sna laethibh ársa.
