208
AN GAODHAL
Do chailleamair, mo dheacair bhruid ár
bh-fíor leoghain,
Do sgaipeadar thar fairge de dhruim
bochnadh,
Chum cathaighthe le danaraibh, d'a síor
leoghna,
Ní mhairid sin, 'sní mhairfeamna achd
fíor mhóimeint.
Cá bh-fuilid na fearachoin budh ghníomh'
cródha?
'S budh chalma d'a bh-feacamuir 's an
rinn Eorpa,
A's gach faraire budh cheannasach, do
shín leo san.
Ní mhairid sin, 'sní mhairfeamna achd
fíor mhóimeint.
Cá bh-fuilid ár n-Eagluis budh cheann
treoradh,
'San aicme sin do theagasgadh ár n-aois
óga,
Flatha ceart na Banba 'sa príómh
sluaighte?
Ní mhairid sin, 's ni mhairfeamna achd
fíor mhóimeint.
Athchuingim air eagna an Rígh chómhachtuigh,
An t-anam san do ghalaruigh do chroidhe
brónach,
Gan dearmuid, gan easbadh air bith, gan
míochómhthrom,
Go n-deachaidh sin go Parrthas na priomh
ghloire.
Tomás D. de Norradh.
BRAON AN n-ÓIL.
By P. A. DOUGHER.
Budh cleachtach liom ó rugadh mé a's mo
shinsir i bh-fad romham,
'D-talamh glas na h-Éireann bhidheadh ag¬
ainn punch go-leor;
Níor mhill sé 's níor mharbhaidh sé 's níor
ghortuigh sé mé go fóill,
Ó thug Bibacus Mór dúinn cead braon
ól.
Ní'l mé caint fa an g-crúisgín 'nois
Ná meisge air bith de 'n t-sórt,
Ach an nádúr breágh 'san gheanamhlacht
Tá leis an m-braon an n-óil,
Tá leis an m braon an n-óil,
Tá leis an m-braon an n-óil,
Ach an nádúr breágh 'san gheanamhlacht
Tá le linn an bhraoin an óil.
'S tá cuimhne liom air m' athair agus
athair m' athair mhór,
'Gus seandaoine an bhaile, g-cuideacht
a t-aos óg;
Lá saoire, aonaigh 's margaigh ba taith¬
neamhach liom an gleo
Bidheadh acu teacht a bhaile díobh tar éis
braon ól.
Ní'l mé caint, &c.
Do chualas trácht air bhaintreabhachaibh
dul 'steach go teach an óil,
Leis an ngabha 'gus an táilliúr go com¬
ortach le na stór;
A m-beidheadh dúil agad dhul i g-cleamh¬
nus le cailín deas na m-bó,
Is beag an sásadh gheobhthá-sa go m-beoch
agad braon le n-ól.
Ní'l mé caint, &c.
Seo sláinte do mo mhuintir agus sláin¬
te do mo ghrádh,
Sláinte do na comharsanaibh g-cuideacht
a mar tá;
Sláinte do na h-Éireannaighibh, béidh
saoirse acu fós,
Is ní bhéidh an lá cainte fa bhraon beag
ól.
Ní'l mé caint, &c.
AN BULLÁN BREAC,
(Le P. O'L.)
Bhí righ in Éirinn fad ó & is fod ó
shoin a bhí & beidh arís leis. Do phós sé
bean bhreágh & bhí mac aige lei ar a tug¬
adh mar ainm Seághanach Righ Éireann,
oir bhi a athair chum an righeacht do thabh¬
airt do tar éis a bháis féin. Fuair an
rioghan bás sealad nna dhiaidh san, acht
má fuair níor choiméad an righ a cuimh¬
ne a bh-fad; do phós sé bean eile & bhí
beirt mhac aige léithe. Ní raibh sí nna
ceann ró-mhathacht ar a shon-san féin ní
raibh sí ró-olc — dá leas mac nó gur
eirigh an triúr suas nna m-bioránaighibh
