AN GAODHAL.
209
matha, móra ; annsann do mhéadaigh a
tnúth & a gráin tar barr, air a bh-feic¬
sint di go raibh Seághanach ag dul chum
cinn ar a macaibh féin; go deimhin bhí a
fhás amhail clúmh na n-éan, an mhéid nach
m-borradh sa lá do bhorradh 'san oidhche.
Dá lasfadh gaoth ná grian ar ghnúis bua¬
challa is ar ghnúis Sheághanaigh do lasfadh,
bhí an oiread san niamrachta ann. Acht
má bhí droichmheas ag a leas-mháthair air,
bhí cion & ceanamhlacht ag a leas-dhearbh¬
ráitheachaibh air.
Chuireadh chum scoile an triúr. Ba
ghnáth leis an m-bainrioghain lón aráin &
feola do thabhairt d'a macaibh féin, gan
an eiread & do chuirfeadh fearg air do
shúil do thabhairt do Seághan bhocht nó
suim do chur ann; máiseadh do roinidís
a dhís dearbhráthach cuid de'n lón leis,
oir bhíodar chómh ceanamhail air & bhíodar
ar radharc a súl. Níor chuir Seághanach
in iúl d'a athair an éagcóir bhi ag a dhéan¬
adh air acht do chuir suas le gach amhgar;
dubhairt sé leis féin go minic nach m-
beidheadh sé ag déanamh achrain idir fear
& mnaoi acht go n-imeóchadh leis i g-cionn
tamaill ga h-áit éigin mar a ngeóbhadh
sé a bheatha do thuilleadh le lúth a ghéag.
Tráthnóna áluinn dár ghabh sé amach
ar fúd faithche athar cia bhuailfeadh leis
acht seanduine liath leath-shúlach noch do
chuir caint air ag a fhiafruighe de an
raibh a leas-mháthair go maith dho. Ní fhea¬
dair sé cread é an freagra ba cheart
dó thabhairt air; níor thig leis bréag d'
innsinn, & ar an d-taobh eile níor thaith¬
in leis an fhírinne do chur in iúl do.
"Ní thig leat," ar an seanduine, "aon
nidh do cheilt orm-sa; ní bh-fuil aon éag-
chóir dár deárnadh ort nach bh-fuil a fhios
agam-sa." Ar n-a rádh san do bhuail an
seanduine buille de shlaitin ar chloich do
bhí taobh leis & righne bullán di. "Tabhair
abhaile leat é sin," ar sé; "abair le d'
athair srian & iallait do cheannach duit,
& déan marcuighacht air gach aon lá ag
dul chum scoil air maidin & ag teacht a
bhaile am thráthnóna, cuirim geasa ort
gan innsint do neach air bith cá bhfuair¬
is é." As go bráth leis an seanduine.
Do bheir Seághanach ar cheann ar an m-
bullán & thug a bhaile é; cheannaigh a ath¬
air srian & iallait do & dhéan marcuigh-
eacht air gach aon lá mar d'orduigh an
seanduine do.
Maidin dá raibh Seághanach ag dul ar
mhuin an bhulláin go d-tí scoil, "A thigh¬
earna," ar an bullán leis, "tá da leas-
mháthair ag leigean airri bheith breoite;
deir sí led' athair nach leighisfidh aon nidh
faoi an spéir í, acht mo chroidhe & m'aodh-
sa; táid chum mise a mharbhadh amárach.
Chuir d'athair iarraidh a n-diu ar fiche
brothaire acht ná bíodh eagla ort go n-
íosfaidh sí greim díom-sa go deo. Anois
tráth chidhfir-se na brothairidhe am chluith¬
cheadh-sa, bí-se n-gar dom; eireóchaidh an
bhean bhreoite as a leabadh, beidh a dá
uillin ar dhá ursain an doruis & clab
airri ag gáire fúm-sa; sgaoilfead-sa
trí lucht mo mharbhtha & cuirfead piac
fúithe-se a dhéanfaidh dá leath di ó mhul¬
lach a cinn go lughaidin a coise. Annsan
léim-se ar mo mhuin & as linn araon go
bráth."
Le h-eirighe gréine lá ar na márach
chuaidh na brothairidhe chum an bhulláin
bhric & thugadar iarracht ar bhreith air;
acht bhí sé fánach dóibh — bhris sé thríotha
de thapagain. Timchiollador arís é &
thugadar iaracht eile ar bhreith air acht ba
é an sgéal céadna é. Do thimchiolladar
é an treas uair, le n-a linn sin tháinic
an bhainrioghan ar an n-dorus; do leig
sí a dhá uillin ar an dá ursain & do bhí
clab airri ag gáiridhe; dhearc an bullán
í. Nuair a thugadar an treas iarracht
bhris sé thríotha gus an áit nna a raibh
an bhainríoghan, & do chuir piac fúithe &
righne dá leath di ó mhullach a cinn go
lughaidin a coise.
Do léim Seághanach ar a mhuin & as
leo araon go bráth. Do rugadar ar an
n-gaoth bhí rómpa & níor bheir an ghroth bhí
nn-a n-diaidh orra & níor stadadar
riamh ná choídhche nó go raibh drúcht cheoidh
& meirg na h-oidhche ag tuitim & do
thrialladar isteach i g-coill mhóir. "An
bh-fuil ocras ort?" ar an bullán breac
le Seághanach. "Tá," ar Seághanach, &
do bhuail an bullán breac buille de cois
dá chosaibh ar an talamh & tháinic aníos
chuige bórd lán de'n bhiadh badh bhreághtha
bhlas béal duine ariamh & d'ith Seághanach
