210
AN GAODHAL
a dhóithin. "Anois," ar san bullán le
Seághanach, "teidhir anáirde ar an g-
crann-san taobh leat & feuch an chíonn
tú aon iongna." Suas leis go luathléir.
"Cím," ar sé, "neul mór dubh'' "An
neul mór dubh a chíonn tú," ar an bull¬
án, "is tarbh mór dubh é tá ag teacht
chum troda liom-sa, acht is beag an ma¬
thas do-san, oir bhéarfad sa buadh air;
fan-sa mar ataoi no go m-beidh an cath
ar g-cúlaibh; tar anuas annsan & ith
croidhe & aodh an tairbh duibh & beidh do
neart féin mar aon le neart an tairbh
ionnat."
Badh ró-gheárr dóibh go d-táinic an
tarbh mór dubh i láthair an bhulláin bhric.
Seo chum a chéile an bheirt. Do righnea¬
dar ball bog de'n bhall cruaidh, ísleán
do'n árdán, & árdán de'n ísleán & da
d-tiocfadh íochtar na hÉireann le h-uach¬
tar na h-Éireann is ar an m-bullán
bhreac & ar an d-tarbh dubh chóir Rug
an bullán buaidh ar an tarbh faoi dheoidh;
tháinic Seághanach anuas & d'ith sé an
chroidhe & na h-aodha mar d'aithin an bul¬
lán do & bhí a neart féin ann mar aon
le neart an tairbh duibh.
An lá ar n-a mhárach do chuaidh Seágh¬
anach ar mhuin an bhulláic bhric arís & as
leo go bráth. Do rugndar ar an ngaoith
bhí rómpa & níor bheir an ghaoth bhí nna n-
diaidh orra & níor stadador riamh ná
choidhche nó go raibh drúcht an cheoidh &
meirg na h-oidhche ag teacht & do thriall¬
adar isteach i g coill mhóir "An bh-fuil
ocras ort?" ar an bullán. "Tá," ar
Seághanach, & do bhuail an bullán breac
buille de cois dá chosaibh & tháinic aníos
chuige bórd lán de'n bhiadh badh bhreághtha
bhlas béal duine ariamh roimhe san & d'
ith Seághanach a dhóithin de. "Anois," ar
an bullán breac, "téidhir anáirde ar an
g-crann san taobh leat & feuch an bhfeic¬
eann tú aon iongna!" "Chim" ar Seágh¬
anach, "neul mór dearg." "An neul
mór dearg a chíonn tú is tarbh mór
dearg é tá ag teacht chum troda liom¬
sa, acht is beag an mathas do san; bhéar¬
fad-sa buaidh air. Fan-sa mar taoi nó
go m-beidh an cath ar g-cúlaibh, tar anuas
annsan & ith croidhe & aodh an tairbh
deirg & beidh do nearn féin & neart an
dá tharbh ionnat."
Badh rói-gheárr dóibh go d-táinic an
tarbh mór dearg — comh mór le cnoc —
i láthair an bhulláin bhric Seo chum a
chéile an bheirt; do righneadar ball bog
de'n bhall cruaidh, ísleán de'n árdán &
árdán de'n ísleán; & dá d-tiocfadh
íochtar na hÉireann le h-uachtar na h-
Éireann is ar an m-bullán breac & ar
an d-tarbh dearg badh cheart. Rug an
bullán buadh ar an d-tarbh faoi dheireadh,
tháinic Seághanach anuas & d' ith sé an
chroidhe & na h-aodha & bhí a neart féin
& neart an dá tharbh ann.
Maidin an treas lae chuaidh Seághan¬
ach ar mhuin an bhulláin bhric & ar leo a¬
raon. Do rugadar ar an n-gaoith bhí
rómpa & níor bheir an ghaoth bhí nn a n-
diaidh orra & níor stadadar nó go raibh
drúcht an cheoidh & meirg na h-oidhche ag
tuitim & do thrialladar isteach i g-coill
mhóir "An bh-fuil ocras ort?" ar an
bullán breach. "Tá," ar Seághanach, & do
bhuail an bullán breac buille de cois d'a
chosais ar an d-talamh & tháinic aníos
chuige bórd lán de'n bhiadh bhadh bhreághtha
bhlas béal duine riamh roimhe-san, nó ó
shoin anuas, & d'ith Seághanach a leor-dhói¬
thin de. "Anois,' ar an bullán breac,
"téidhir anáirde ar an g-crann san
taobh leat & feuch an chíonn tú aon ion¬
gna." Suas leis go luath léir. "Chím,"
ar sé, "neul mór bán." "An neul mór
bán a chíonn tú," ar an bullán breac,
"is tarbh mór geal é atá ag teacht chum
troda liom-sa; tuitfimíd araon le
chéile acht fan-sa mar atá agat nó go
m-beidh an cath ar g-cúlaibh. Tar anuas
annsan & ith croidhe & aodha an tairbh
bháin & beidh do neart féin & neart an
tairbh duibh, an tairbh deirg & an tairbh
bháin ionnat. D'éis é sin bain an seath¬
adh dhíom-sa; cas timcheall ort é acht ar
do bhás nó do bheatha ná caith dhíot é go
deó. Annsan cuir mé mar a thuitfead
& má ghabhann tú an t-slighe go bráth nna
dhiaidh san caithfir léim tar m'uaigh chum
chinn & chum deiridh trí h-uaire & eireóch¬
ad arís am fhear áluinn óg."
(Le bheith ar leanamhuin).
Russia has forbidden the teaching of the Polish
language in Poland. Why? We address this in¬
terrogatory to "Irish patriots."
