AN GAODHAL.
213
An uair a chuaidh mé thre mo thorus
Aig Tobar Sean Séim,
Cé buailfidh orm acht an óigbhean
'S budh bhinn guth a béil;
Bhí a dhá ciach cruinne geala
Mar an eala air Loch Cé,
'S go m-b' fheárr liom a bheith 'na h-aice
'Ná i bh-flaitheas na naomh.
Air thógbháil mo chluaise dham
A chualaidh mé glaoidh,
Go rabh árd-easbog Thuadhmhúmhan
Le m' onóir a bhaint dhíom;
Agus d'éirigh mise suas
Air mo chruadh-choisín chaol,
'Gus d'árduigh mé de'n ruaig sin
Ameasg na g-cuanta liom í.
'S dá bh-feictheá-sa Nóra
'S a cúl leis a' tuinn,
Fáinnidhe óir air gach meur leithe
'Gus í réidhteach a cinn;
'Sé a dubhairt a caiptín breágh gleusta
'S é ag éarmaidheacht air loing,
Go m-b' fheárr leis aige féin í
'Ná Éire gan roinn.
'S tá mo bhothán air an árd
'Gus a aghaidh anns a ngaoith,
Súdh sileáin thré n-á cheart-lár
'S ní áirighim a teacht faoi;
Tá airgead teallaigh dhá thógbháil
'S gan aon phighin lé na íoc,
'S cé bidh áit a bh-fuil mo reamhghrádh
'S í Nóra óg mo mhian.
IS ÓG, A S IS ÓG.
Taken down from the recitation of Cormac Mol¬
loy, a native of Lettermacaward, by
ANTHONY J. DOHERTY,
Cruit Island N. S.
Air — Petrie's A.I.M.
No. 555.
Is óg a's 's óg 'chuir mé dúil 'san ghreann,
Déanfainn súgradh le mo rún air faill;
Ní'l baile-cuain air bith a ngluaisinn
ann,
Nach bh-fhuighinn maighdean óg ann, a's
[buideal rum
Sgairt mé aréir aig an bh-fuinneoig ann,
Sgairt me arís aig an dorus go teann;
'Sé dubhairt a h-athair liom nach raibh sí
ann,
Gur eulaigh sí 'reir leis an m-buachaill
(donn.
Tiocfaidh 'n Samhradh 'gus fásaidh 'n
feur,
Tiocfaidh 'n duilliúr glas air bharra na
g-craobh
Tiocfaidh mo mhuirnín le bánughadh 'n lae,
'Gus béidh lonndubh mór orm le cúmhaig
'nna diaigh.
Pleoid air an fhairge! 'sí tá mór,
'Sí chuir eidir me 's mo mhíle stór,
'S d'fhág anns an áit so me ag dhéanadh
[bróin,
'S gan dúil lé d'fheicaill, a ghrádh, níos mó.
Shiubhail me shoir agus shiubhail mé shiar,
Shiubhail me Corcaigh 'gus Baile-áth-clíath,
Shiubhail mé 'n baile so fá dhó le bliadhain,
Ag cuartughadh mo stóirín, a bhain dam
mo chiall.
Shiubhail me Sacsain, an bh-Frainc, 's an
Spáin,
Sgighisde ní dhearn me aon lá amháin,
Samhail mo chailín deas ní bhfuil le fághail
I n-gile, i n-deise, i g-clú, nó i g-cáil.
abrán
eile
seo.
Translation.
It was early, early in my life I took delight in sport.
On a fitting opportunity my darling I would court,
In every sea-port town to which I used to go,
I'd meet with fair young maids, and I'd make the
liquor flow.
I called last night at the window of my dear,
And again at the door I called out loud and clear,
But her father replied that she was not there,
That she'd fled the night before with the youth of
the brown hair.
Oh! the summer will come, and the green grass
will grow,
The leaves will clothe the boughs, and the flowers
bud and blow,
And my love will come in dreams at the dawning
of the day,
But sad will be my heart on waking to find she's
[far away.
My woe and my curse on the wide, rolling sea
'Tis it that has parted my true love and me,
'Tis it has left me here broken-hearted weeping
sore,
Ne’er expecting to see you, my love, any more.
Thro' the east and the west I have travelled and
sought,
Thro' fair Cork and sweet Dublin l’ve wandered
distraught,
Twice thro' this town I have passed within the year,
For l’ve nigh lost my reason for the loss of my dear.
l’ve travelled thro' England, likewise France and
Spain,
Not one day did I rest but my search was in vain ;
The like of my darling is not to be found
For beauty and virtue, the whole world around.
sgairt, is used in the Co. Donegal for
glaoidh.
pléoid air, a word used to express ex¬
ecration or contempt of anything.
le d' feicaill, a provincialism employ¬
ed here, equal, le d' fheuchaint.
to
see
to try
sgithisde, used in Donegal for sgith.
scighste in Con. also scígste ní
bh'fuair mé.
