(31)
9Mhadh Rol. Uimh. 7.
DEICH-MHÍ
1892.
AN BULLÁN BREACH.
[Le P. Ó'L.]
Leanta.
Budh róigheárr gur tháinic an tarbh
mór bán — cómh mór le sliabh — i láthair
an bhulláin bhric. Seo chum a chéile an
bheirt; do righneadar ball bog de'n bhall
cruaidh, ísleán de'n árdán ⁊ árdán de
an ísleán, ⁊ dá d-tiocfadh iochtar na h-
Éireann le uachtar na h-Éireann is ar
an m-bullán breac agus ar an m-bullán
bán badh cheart ⁊ badh chóir fa dheire do
thuiteadar araon le chéile; tháinic Seágh-
anach anuas de 'n chrann agus d' ith sé
croidhe agus aodh an tairbh bháin ⁊ ann-
san bhí a neart féin agus neart na trí
tairbh ann
Bain sé an seathadh de'n bullán bhreac,
do chas timcheall air é ⁊ do thochail poll
nar chuir sé an bullán breac go dubhach,
deórach ⁊ d'fholuigh é le críon na coille.
Tráth bhí an méid sin déanta aige seo
ag gol go fada fuidheach é ⁊ níor stad
de' gol nó go raibh sé cómh curtha san
gur thuit sé anuas ar an uaigh go tuir-
seach tnáithte agus d'fhan in a chodladh
ann san trí lá agus trí oidhche.
Ar dhúiseacht dó, chuimil sé a shúile,
d'éirigh in a sheasamh agus d'fheuch tim-
chioll air; ní fheaca sé duine 'ná beith-
each in aon áird Uime san ó nach raibh
gnó air bith aige fuireach san áit sin
thug sé a bhóthar air. Ar d-teacht na h-
oidhche bhuail fear uime noch do chuir caint
air, ag fiafruighe de ar tighearna ag
iarraidh buachalla nó buachaill ag iarr-
aidh tighearna é. "Tá sé dealrach gur
buachaill ag iarraidh tighearna mé," ar
Seághanach. Tá go maith agus ní'l go h-
olc," ar an fear a bhuail uime. "Táim
ag cuartadh de bhuachaill ded' shamhail-se
le fada ⁊ ní bh-fuaireas é, acht tá súil
agam anois gur bhuail an fear ceart
liom a n-diu ionnad-sa má's féidir linn
réidhteach le chéile." "Is furus go leor
