AN GAODHAL.
225
Mr. P. Barrett of Merriam Park St. Paul, says,
Seo abhrán beag a chualadh mé inn m'óg¬
ánaidh ag cois na teineadh a d-Tearmon-
carach seacht m-bliadhna fichid ó shoin —
AN t-IOLEAN BÁN.
Lá d'ar éirigheas amach sa bh-fóghmhar,
'S mé tairnguint air chóistuigh an Iolain
Bháin,
Arís tráthnóna trá théidhim fá chómhnuighe
Titeann cúmha orm 'sní chánaim greann;
Má sé seo 'n cúrsa bhí geallta dhamh-sa
Go d-tainic cúmha orm 's gur liath mo
cheann,
Ach dúthuigh 'n Bhrúnuigh 's gealltar damhsa
'S a ndiaigh mo mhóide ni rachfainn ann.
Go moch diacédein a fuair mé sgeula,
Gur scap na reulta 'sgur ghlan an ceo,
Na tighthe titim & na ballaid pleusgadh,
'Sgur b'é eaglais Dé d' thóig mé a lámh.
Tá cumhacht an árd-ríg go siórdha láidir
'S ní bhidheann sé ághmhuil a d-tabhairt
chum dlighe,
Ach iarraim athchuinighe air Rígh na ngrása
An té scap m'árus nár fhágh' sé saoghal,
Siar a chois fairge atá mo Station,
Ó cheann Léime go Uachdar Thráinn,
Is olc mo ghnóthuidhe air a dhul a saeth¬
radh sléibhe,
'Gus tá mé éifeachtach air gabhail air
[bhaid,
Ceannóaid matal & brosea shamhl duit
Nach bh-fuil inns an áit & nach m-béidh a
choidhche,
Cuirfidh mé inns a bh-faision thú le mná
[Phortláirge,
An cheud lá Mhárta má bhíodham-sa beo.
The other verses incomplete; and Mr. Barrett
would be complimented if any of our readers could
supply the remaining verse, and the songs of which
the following lines are parts. —
A Mháire, a rúin, a bhláth na n-úbhall,
Is tú an chraobh chumhra, dar liom féin;
Bliadhain nó dhó, mar a bh-fuil níos mó,
Ó d'fháguigh do phóigín in arraing mé.
Ná'r bh'fheárr liom a bheith am' leagh
Bliadhain mhór fhada 'gus mí,
Air leaba chaol chruaidh gan aon fhear,
Ná do leanbh a bheith air mo chídh.
Gaels cannot improve themselves better than by
practicing Gaelic writing. Hence, they ought to
write postal card, etc. to each other, as Germans
do. Don't wait to be perfect. Publicity is the life
of all legitimate public and patriotic movements.
AN DOIRE DONN.
Fonn — An Cailin Ruadh.
Doire Donn is a mound in Glenisland half par¬
ish of Islandady which constituted a small village,
and Richard Joice was known as a poor man of
that vicinity, and Frank Jennings of Ranech pre¬
tendingly said that it was Richard Joice who com¬
posed the song while he himself was the real author
of it, as well as of many other fine local pieces
which are now unfortunately lost.
The Horan referred to was Martin Horan of Doi¬
re an Slanra, an abrupt but honest man whom the
neighbors did not too well like. The O'Donnell
referred to was his brother-in law, and got into pri¬
son through conspiring against the government in
1798. The Smasher referred to was a specimen of
a white haired cur the property of Martin Leviston
alias Marthan Lewun, of Doire Donn.
Yours, etc.
MARTIN P WARD.
'Sé 's ainm baistighe dhamh-sa Rucard
Seoidhe,
'Gus tá mo chómhnuidhe 'r an Doire Donn,
Bhí cómhursa mhaith agam a dheunfadh óbh¬
rán,
Mar bhí Frainc mhic Chóinín ach meireach a
clann;
Acht ní shé sin a bharbhuigh no chráidh go
[deo mé
No d'fhág faoi bhrón mé go d-téidh mé g¬
cill,
Ac mar chuadhas dam' eiteadh féin anún
chuig h-Órán,
'Sa liachtaighe cómhursa maith a bhí am'
[dhiaidh.
D'imthigh mise anún chuig h-Óran,
'Snár bh' olc an dóigh é an bodach breun,
Ní bheurfadh fata dham, nidh nár chóir dó
'S gur air a theorainn a tóigeadh mé ;
Bhreathnuigh sé thart orm mar dheunfadh
tóruidhe,
Mar mhac Ui Dhomhnuill, a chliabhuin féin,
'Sé dubhairt Sabha charthannach, an caile
plásach,
"'Sé mac do chómharsan é 's nó diúltaigh
[é."
Mar b'é sgian air sgórnach dam trácht
an cheud lá
D'a léithid a dheunadh air an Doire
[Donn,
Chuir Séamus cóis as, a's bhrostaigh
Seághan é,
Ach meireach a thártháil bheidheadh marbhadh
[ann,
Bheidheadh fuil go seisreach a lár na
sráide ann,
Bhiodh mná 'gus páididhe a gárthaoil ann,
Agus sul do sgapfainn-se lem' bhothán
bláthmhar
[marbhadh ann.
