(32)
9Mhadh Rol. Uimh. 8. GIONBHAR 1893.
OCHÓN agus an FREAGRADH.
(Leis an nGabhar Donn.)
Ochón! ochón! a's fós ochón!
Tá brón mór dubh am' chroídhe,
Tá Éire dhíl a m-brón, ochón!
A n-oidhche dhuibh 'n a luidhe.
A n-oidhche dhuibh 'n a luidhe, ochón!
A ngéibhionn fáisgthe teann,
Gan dóthchus geal 'n a croídhe, ochón!
Gan sult gan sógh, gan greann.
Gan sult, gan sógh, gan greann, ochón!
Gan cara nearthmhar, treun,
A chuirfeadh Éire shean, ochón!
'N a ceart arís le seun.
A! na deun brón mar sin, a fhir,
Acht gabh do lann gan spás
A's troid go calma, grinn, a fhir
Air son ar g-cirt go bás,
Air son ar g-cirt go bás, a fhir,
Go m-béidh sinn saor gan crádh
A's faoi n-ar m-bratach ghlas, a fhir
Ag seasamh saor go bráth
Ag seasamh saor go bráth, a fhir,
Corónta le síothcháin;
A's Éire dhíl ar ngrádh, a fhir,
'N a ceart faoi shaoirse ghlain.
'N a ceart faoi shaoirse ghlain, a fhir,
Faoi shólás mór go bráth,
A's sinn de gháire lán, a fhir,
Gan geibhionn a's gan crádh.
BRÓN agus GÁIRDEACHUS.
(Leis an nGabhar Donn.)
Do tháinic brón dom' chroídhe, ochón!
A's rinne ann a chómhnuidhe,
'S do chuir air g-cúl gach uile dúil
A líon ariamh mo smuainte.
Acht tháinic dam arís le glám
Gealgháirdeachus aos áluinn,
Bhí sult gach tráth, a's grádh go bráth
'N a bh-folach faoi n-a fhaluing
'Nuair tháinic sé le beannacht Dé
Mar ghréin dhil ins an n-earrach
Do chuir sé sógh am' chroidhe go deó
Sógh glórmhar, geal, grinn, gáireach.
