AN GAODHAL.
231
is ann a thiomáinfeadh sí a cuid ba &
an tarbh. Lá d'a raibh sí ag fasuigheacht
na m-bó i d-Tóin na Péice — áit i mbai¬
le Doire-an-Eamlaigh — chualaidh an tarbh
géim bó. Rith sé ó'n g-cailligh go d-tí 'n
bhó, & rith an chailleach 'n-a dhiaidh. Lean
sí é, & bhí ag aimsiughadh faoi go d-táin¬
iceadar go Mainín. Chuaidh sé 'san t-
snámh ag dul thar cuisle beag a casadh
dhó. 'Nuair d'éirigh sé as an t-snámh air
an talamh tirm, bhí an chailleach de léim
thar an g-cuisle, & bhuail sí é le n-a slai¬
tín draoidheachta go n-deárna sí cloch
de. Tá an chloch i g-cómharthuigheacht
tairbh le feicsin an lá andiu, & tá lorg
an n-urchar do chaith sí leis ins na car¬
raigibh thart timcheall air.
— From O’Faherty's Siamsa an Gheimhre,
Dublin, P. O'BRIEN, 46 Cuffe Street.
Saint Raphael’s Church,
Springfield, O. Dec. 24. '92.
A charaid dhílis,
Cuirim chugad aon dollar falaighthe
inns an litir seo air son do pháipéar
tíoramhuil le h-aghaidh na bliadhna seo
chugainn.
Is cianta ó chualaidh mé uait, gidh gur
chuaidhis tré 'n g-cogadh mór sin timchioll
an fhocail "Chum," feicim nach bh-fuil tú
marbh fós, agus saoilim nach raibh tú
buailte chómh mór sin inns an g-conspói¬
digheacht air bith! Acht is minic a dubh¬
airt mé liom fhéin inn t-am sin, má sé
sin leitheadh breitheamhnas an lae dheir¬
eannaigh, go bh-fóirighe Dia orrainn.
Acht, a Charaid dílis, ní h-é an cogadh-
focal sin atá an cheist anois, acht ceist
eile níos tabhachdaighe & níos féimeamh¬
la — An m-béidh Ríaghal féin aig muintir
na h-Éireann fa dheire? Sin í an cheist
lasánach an diu — Agus admhuighim duit,
tá faitchíos orm nach bh-feicfidh mise an
lá sin, óir ní'l siad i n-aondhacht le chéile
inn Éirinn, nó 'sa d-tír seo chor leis
sin! Agus tá cuid mhaith díobh aig nach
bh-fuil aon meas air bith aca air theang¬
ain a d-tíre! Agus gidh go bh-fuil a fhios
aca go maith, an sean rádh, "I n-aondhacht
tá buaidh — i sgaradh tá mío-ádh," agus
gan aondacht ní féidir leo saoirse d'
fhághail. Tá siad a troid an diu inn Éi¬
rinn bhocht, agus a' déanadh magaidh díobh
féin !
Go soillsighe Dia iad, agus go bh-fos¬
galaighe sé a súile, a fheiceál cia b'é is
feárr 'gus is tairbhighe dóibh féin agus
d' Éirinn bhocht.
Do chara bith-dhílis,
Martin Labhrás O'Murchughadh.
[A Athair oirdheirce, freagraigheann
muidne, Ámén, dod' ghuidhe dhéighionaighe.
Ach tá faitchíos orrainn nach bh-feicfidh¬
ear Éire saor go goirid. Inn a leath¬
trom tiúbharfaidh Sacsanaigh éisdeacht
do Éireannaighibh — inn a sonas, ní thiúbh¬
arfaidh. Uime sin, cá fhaid agus bheath¬
iugheas Éireannaigh Sacsanaigh, 'sa m¬
baile nó i g-cian, ní gheobhfaid a riaghail
féin. Tuige a ngeobhfadh? Ní thiúbharfadh
Éireannaigh roghain níos feárr do Shac¬
sanaighibh dá m-beidís 'san riochd ceud¬
na. Caithfidh Éireannaigh Sacsanaigh a
chlaoidheadh sul do gheobhfaid féin-riaghla.
Inn aon fhocal — caithfidh siad saoirse
do thuille agus — a gnódhachan, F. Gh.]
East Sound, Wash.
Chum M. J. Ua Lócháin,
Fireagair an Ghaodhail.
A Shaoi Mórmheasamhail,
Cuirim mo bhuidheachas mór chugat
anois air shon an "Ghaodhail" a ghlacainn
díot air feadh na bliadhna a tá thart,
agus cuirim 60c. chugat san litir seo
air shon bliadhain eile Bliadhain nuadh
shúgach sheunmhar go raibh agat.
Go h-ómósach,
Ríostard Mac Eochagáin.
Designing rascals make use of that class of men
who are looked upon as blunt honest half stuacs,
whom no body could dislike, to compass their ne¬
farious ends. This is what the New York know-
nothing anti Irish thimble-riggers are striving to
do to disorganize Tammany Hall, and all that
pertains to it. But, like Whang The Miller, in
their overweening desire to compass their end in
stantum, they have killed the Goose. ! Who are
these Andersons Dickinsons, et al, may we ask,
who seek to dictate our governmental policy? The
Gael's sub-title page tells. One thing is certain —
that the people are forbearing that don't send this
handful of presumptions hypocrites about their
business by a vigorous action of their boot-toe.
