232
AN GAODHAL.
COMHAIRLE GO BHUACHAILLIGHIBH ÓGA.
Fonn — An Seanduine Dóite (The Campbells are Coming
Seo cómhairle do bhéarfainn go bhuachaillidhibh óga,
Go h-áirighe go 'n bhuachaill atá cuimhniúgh' air phósadh —
Tóig thusa cailín deas de shliochd na sean gaolta,
Admhuigheas an creideamh 's nach seunann an Ghaodhailge;
Siúbhal léithe do 'n t-sagart, tá air altóir, 'sa n-éide, —
An sagart a ghrádhuigheas gach duine as Éire, —
Má phósann sé an lánamhuin 'san t-sean teanga Ghaodhilge,
An méid Béarla atá labhartha ní sgarfaidh an péire.
Seinn.
Óró, mo chailín deas, nach tusa an peurla,
A cháinteas an Ghaodhailge 'gus a sgríobhas an Béarla,
Ní thréigfead go h-eug tú go d-téidh tú 'san g-cónra,
'Sdá bh-feudfainn do leanfainn thú go rígh'chta na glórdha.
A bhuachaill deas eile, imthigh 's deun mar an g-ceudna,
Tóig cailín donn cumhra a ghrádhuigheas an Ghaodhailge, —
Ní misde mur m-béidh aici mórán maoin saoghalta,
Béidh grádh aici ort féin 'gus air iomlán do ghaolta;
Fanfaidh sí agad a congbháil do theach sgiamhtha,
Ag oileamhuint do leinbh, d'a phóga 's d'a bhréaga,
Béidh sí lághach, geanamhuil, gan mhairg — go sóna,
'Gus ní aireóchaidh tú tuirse teacht abhaile tráthnóna.
Seinn.
Óró, mo chailín donn, nach thusa an seóda,
Tá tú gan locht, acht crosda le óige,
Bidheann mo chroidhe thré lasa le grádh agus áille,
Nuair a smuainím air inntinn 's air mhín-ghuth mo Mháire.
Do'n bhuachaill trom cialluighe, tá ngrádh leis an suaimhneas,
Is feárr duit beagán clampair ná iomarcuidh uaignis,
Gabh agad cailín maith a thainic as Éire,
A labhras an Ghaodhailge níos blasda ná Béarla;
Béidh do theach scuabtha a's do leaba dheas cóirigh,
Béidh suaimhneas agad — ní theastóchaidh uait éinnídh,
Béidh do bhiadh réidhtigh mar bheidheadh air lá féile,
'Gus béidh na cnaipidhe fuaighte air rustaidh do léine.
Seinn.
Óró, mo chailín mhaith, a thainic as Éire,
A sgríobhas an Ghaodhailge cho tapaidh le Béarla;
Tá do chliabh mar an ala, do ghruaigh mar an rósa,
Tá ceol in do ghuth a's is críonna do chómhairle.
Anois tá tú mar athair — tá tuileadh le deunadh,
Tá do gharsún a meudúgh' a g-cuimhne 'sa g-claonadh;
Innis dhó sgeulta, a thuigeas sé, a nGaodhailge,
Trácht air an sagart 's air ar fhulaing sé i n-Éire;
Má théidheann an t-óglách go coláiste fóghluim árd-Bhéarla
Ní athróchaidh sé a shluinne, ní sheunfaidh sé 'n Ghaodhailge;
Béidh sé mar reult eolais go fhir óig a thíre,
